+Airteagal 29 An próiseálaí
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
---+Airteagal 29 5
---+Airteagal 29 6
---+Airteagal 29 7
---+Airteagal 29 8
---+Airteagal 29 9
---+Airteagal 29 10
|
Airteagal 29 An próiseálaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1
|
1. I gcás ina mbeidh próiseáil le déanamh thar ceann rialaitheora, ní bhainfidh an rialaitheoir úsáid ach as próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo agus go n-áiritheofar go gcosnófar cearta an ábhair sonraí.
|
|
Airteagal 29 2
|
2. Ní fhostóidh próiseálaí an dara próiseálaí gan údarú sonrach nó ginearálta i scríbhinn roimh ré ón rialaitheoir. I gcás údarú ginearálta i scríbhinn, déanfaidh an próiseálaí an rialaitheoir a chur ar an eolas faoi aon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le próiseálaithe nua a thabhairt isteach nó a chur in ionad próiseálaithe eile, sa chaoi go mbeadh deis ag an rialaitheoir agóid a dhéanamh i gcoinne athruithe den chineál sin.
|
|
Airteagal 29 3
|
3. Rialófar an phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir agus ina leagtar amach ábhar agus ré na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Forálfar sa chonradh nó sa ghníomh dlí eile sin go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a)
|
ní phróiseálfaidh sé na sonraí pearsanta ach amháin ar threoracha doiciméadaithe a fháil ón rialaitheoir chuige sin, lena n-áirítear maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, mura n-éilítear an phróiseáil sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit ar faoina réir atá an próiseálaí; agus sa chás sin, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas faoin gceanglas dlíthiúil sin sula ndéanfar an phróiseáil, ach amháin má choisctear faisnéis den sórt sin faoin dlí sin ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail;
|
|
(b)
|
áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;
|
|
(c)
|
déanfaidh sé gach beart is gá de bhun Airteagal 33;
|
|
(d)
|
urramóidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 faoina bhfostófar próiseálaí eile;
|
|
(e)
|
agus cineál na próiseála á chur san áireamh, cuideoidh sé leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí a leagtar amach i gCaibidil III;
|
|
(f)
|
tabharfaidh sé cúnamh don rialaitheoir chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí de bhun Airteagal 33 go Airteagal 41, á chur san áireamh dó cineál na próiseála agus an fhaisnéis atá ar fáil don phróiseálaí;
|
|
(g)
|
ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis deireadh teacht le soláthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí, agus scriosfaidh sé na cóipeanna atá ar marthain, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí sin a stóráil;
|
|
(h)
|
cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir an fhaisnéis uile is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a thaispeáint agus ceadóidh sé go ndéanfaidh an rialaitheoir nó iniúchóir eile dá dtabharfaidh an rialaitheoir sainordú, iniúchtaí, lena n-áirítear cigireachtaí, agus rannchuideoidh sé leis na hiniúchtaí agus leis na cigireachtaí sin.
|
I dtaca le pointe (h) den chéad fhomhír, cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas láithreach, más rud é, ina thuairim, go sáraíonn treoir an Rialachán seo nó forálacha eile de chuid an Aontais nó Ballstáit maidir le cosaint sonraí.
|
|
Airteagal 29 4
|
4. I gcás ina bhfostóidh próiseálaí próiseálaí eile chun gníomhaíochtaí sonracha próiseála a chur i gcrích thar ceann an rialaitheora, déanfar na hoibleagáidí cosanta sonraí céanna arna leagan amach sa chonradh nó sa ghníomh dlí eile idir an rialaitheoir agus an próiseálaí dá dtagraítear i mír 3 a fhorchur ar an bpróiseálaí eile, trí chonradh nó trí ghníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit, lena dtabharfar go háirithe ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear na bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo. I gcás ina mainníonn an próiseálaí eile a oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh, beidh an chéad phróiseálaí go hiomlán dlite don rialaitheoir as feidhmiú oibleagáidí an phróiseálaí eile.
|
|
Airteagal 29 5
|
5. Nuair nach institiúid ná comhlacht de chuid an Aontais a bheidh i bpróiseálaí, má chloíonn sé le cód formheasta iompair dá dtagraítear in Airteagal 40(5) de Rialachán (AE) 2016/679 nó le sásra formheasta deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/679, féadfar é sin a úsáid mar eilimint le ráthaíochtaí leordhóthanacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 4 den Airteagal seo a thaispeáint.
|
|
Airteagal 29 6
|
6. Gan dochar d’aon chonradh aonair idir an rialaitheoir agus an próiseálaí, féadfaidh an conradh nó an gníomh dlí eile dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo a bheith bunaithe, go hiomlán nó go páirteach, ar chlásail chaighdeánacha chonarthacha dá dtagraítear i mír 7 agus mír 8 den Airteagal seo, lena n-áirítear nuair atá siad mar chuid de dheimhniúchán arna thabhairt don phróiseálaí seachas d’institiúid nó do chomhlacht de chuid an Aontais de bhun Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/679.
|
|
Airteagal 29 7
|
7. Féadfaidh an Coimisiún clásail chaighdeánacha chonarthacha a leagan síos le haghaidh na nithe dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 den Airteagal seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 96(2).
|
|
Airteagal 29 8
|
8. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí clásáil chonarthacha caighdeánacha a ghlacadh i ndáil leis na nithe dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.
|
|
Airteagal 29 9
|
9. Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an conradh nó an gníomh dlí eile dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.
|
|
Airteagal 29 10
|
10. Gan dochar d’Airteagal 65 agus Airteagal 66, má sháraíonn próiseálaí an Rialachán seo trí chríocha agus modhanna na próiseála a chinneadh, measfar gur rialaitheoir é an próiseálaí i ndáil leis an bpróiseáil sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|