1. Féadfar sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun Airteagal 36 (3) de Threoir (AE) 2016/680 go bhfuil leibhéal leormhaith cosanta á áirithiú sa tríú tír, i gcríoch nó in earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó laistigh den eagraíocht idirnáisiúnta, agus go ndéantar na sonraí pearsanta a aistriú chun cúraimí a chur i gcríoch a thagann faoi inniúlacht an rialaitheora agus chuige sin amháin.