3. Déanfaidh institiúidí agus comhlachtaí an Aontais na bearta is gá chun déanamh de réir chinntí a dhéanann an Coimisiún i gcás ina suíonn sé de bhun Airteagal 45(3) nó (5) de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun Airteagal 36(3) nó (5) de Threoir (AE) 2016/680 go bhfuil leibhéal leormhaith cosanta á áirithiú ag tríú tír, críoch, earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh de thríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta nó nach bhfuil leibhéal leormhaith cosanta á áirithiú a thuilleadh ag tríú tír, críoch, earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh de thríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta.