3. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais agus as a áirithiú go gcuirtear na forálacha sin i bhfeidhm, agus as comhairle a chur ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. Chuige sin, comhlíonfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 57 agus feidhmeoidh sé na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 58.