+Airteagal 57 Cúraimí
---+Airteagal 57 1
---+Airteagal 57 2
---+Airteagal 57 3
---+Airteagal 57 4
|
Airteagal 57 Cúraimí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1
|
1. Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an méid seo a leanas:
|
(a)
|
déanfaidh sé nó sí faireachán agus forfheidhmiú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, cé is moite de phróiseáil sonraí pearsanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus í ag gníomhú ina cáil bhreithiúnach di;
|
|
(b)
|
cuirfidh sé nó sí feasacht agus tuiscint i measc an phobail chun cinn maidir leis na rioscaí, na rialacha, na coimircí agus na cearta a bhaineann le próiseáil. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le leanaí;
|
|
(c)
|
déanfaidh sé nó sí feasacht maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chur chun cinn i measc rialaitheoirí agus próiseálaithe;
|
|
(d)
|
arna iarraidh sin, soláthróidh sé nó sí faisnéis d’aon ábhar sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán seo agus, i gcás inarb iomchuí, comhoibreoidh sé nó sí leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun na críche sin;
|
|
(e)
|
déileálfaidh sé nó sí le gearáin arna dtaisceadh ag ábhar sonraí, nó ag comhlacht, eagraíocht nó comhlachas i gcomhréir le hAirteagal 67, agus déanfaidh sé nó sí imscrúdú, a mhéid is iomchuí, ar ábhar an ghearáin agus déanfaidh sé nó sí an gearánach a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú breise a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile;
|
|
(f)
|
déanfaidh sé nó sí imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;
|
|
(g)
|
cuirfidh sé comhairle, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin air, ar institiúidí agus ar chomhlachtaí uile an Aontais maidir le bearta reachtacha agus riaracháin a bhaineann le cearta agus saoirsí daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;
|
|
(h)
|
déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ábhartha, sa mhéid go bhfuil tionchar acu ar chosaint sonraí pearsanta, go háirithe forbairtí i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide;
|
|
(i)
|
glacfaidh sé na clásail chonarthacha chaighdeánacha dá dtagraítear in Airteagal 29(8) agus i bpointe (c) d’Airteagal 48(2);
|
|
(j)
|
bunóidh sé agus coimeádfaidh sé liosta i ndáil leis an gceanglas le haghaidh measúnú tionchair a dhéanamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 39(4);
|
|
(k)
|
glacfaidh sé páirt i ngníomhaíochtaí an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí;
|
|
(l)
|
cuirfidh sé rúnaíocht ar fáil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 75 de Rialachán (AE) 2016/679;
|
|
(m)
|
tabharfaidh sé comhairle maidir leis an bpróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 40(2);
|
|
(n)
|
údaróidh sé na clásail chonarthacha agus na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 48(3);
|
|
(o)
|
coimeádfaidh sé taifid inmheánacha ar sháruithe ar an Rialachán seo agus ar na bearta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 58(2);
|
|
(p)
|
comhlíonfaidh sé aon chúraimí eile a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta; agus
|
|
(q)
|
bunóidh sé a chuid nó a cuid Rialacha Nós Imeachta.
|
|
|
Airteagal 57 2
|
2. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí taisceadh na ngearán dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 a éascú trí fhoirm le haghaidh gearán a dhéanamh a chur ar fáil, a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, ach ní chuirfear modhanna eile cumarsáide as an áireamh.
|
|
Airteagal 57 3
|
3. Comhlíonfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chúraimí gan aon chostas a ghearradh ar an ábhar sonraí.
|
|
Airteagal 57 4
|
4. I gcás inar follasach go bhfuil iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil sí athráiteach, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí diúltú gníomhú de bhun na hiarrata. Is faoin Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|