1. Maidir le próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta oibríochtúla lena léirítear tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí pearsanta oibríochtúla a bhaineann leis an tsláinte nó a bhaineann le saol gnéis agus le gnéaschlaonadh duine nádúrtha, ní cheadófar í ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá léi chun críocha oibríochtúla agus laistigh de shainordú institiúid nó chomhlacht an Aontais lena mbaineann agus beidh sé faoi réir coimircí iomchuí ar chearta agus ar shaoirsí an ábhair sonraí. Toirmiscfear idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha bunaithe ar shonraí pearsanta den sórt sin.