4. Cuirfidh an rialaitheoir an fhaisnéis faoi Airteagal 79 agus aon chumarsáid nó aon ghníomh a dhéanfar de bhun Airteagal 80 go Airteagal 84 agus Airteagal 92 ar fáil saor in aisce. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir diúltú gníomhú de réir na hiarrata. Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.