+Airteagal 78 Cumarsáid agus rialacha mionsonraithe i dtaca le feidhmiú chearta an sonraí
---+Airteagal 78 1
---+Airteagal 78 2
---+Airteagal 78 3
---+Airteagal 78 4
---+Airteagal 78 5
|
Airteagal 78 Cumarsáid agus rialacha mionsonraithe i dtaca le feidhmiú chearta an sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 78 1
|
1. Déanfaidh an rialaitheoir bearta réasúnacha chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 79 a chur ar fáil agus déanfaidh sé aon chumarsáid maidir le hAirteagal 80 go Airteagal 84 agus Airteagal 92 a bhaineann le próiseáil leis an ábhar sonraí i bhfoirm atá achomair, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus ina n-úsáidtear teanga shoiléir shimplí. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil trí aon mheán iomchuí, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach. Mar riail ghinearálta, cuirfidh an rialaitheoir an fhaisnéis ar fáil san fhoirm chéanna leis an iarraidh.
|
|
Airteagal 78 2
|
2. Éascóidh an rialaitheoir feidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Airteagal 79 go Airteagal 84.
|
|
Airteagal 78 3
|
3. Cuirfidh an rialaitheoir an t-ábhar sonraí ar an eolas i scríbhinn maidir leis an ngníomh leantach ar a iarraidh nó a hiarraidh gan mhoill mhíchuí agus i gcás ar bith ar a dhéanaí laistigh de 3 mhí tar éis dó iarraidh an ábhair sonraí a fháil.
|
|
Airteagal 78 4
|
4. Cuirfidh an rialaitheoir an fhaisnéis faoi Airteagal 79 agus aon chumarsáid nó aon ghníomh a dhéanfar de bhun Airteagal 80 go Airteagal 84 agus Airteagal 92 ar fáil saor in aisce. I gcás inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach, go háirithe toisc go bhfuil siad athráiteach, féadfaidh an rialaitheoir diúltú gníomhú de réir na hiarrata. Is faoin rialaitheoir a bheidh sé a thaispeáint go bhfuil an iarraidh go follasach gan bhunús nó go bhfuil sí iomarcach.
|
|
Airteagal 78 5
|
5. I gcás ina bhfuil amhras réasúnach ar an rialaitheoir maidir le céannacht an duine nádúrtha a dhéanann an iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 80 nó Airteagal 82, féadfaidh an rialaitheoir a iarraidh go soláthrófaí tuilleadh faisnéise, ar gá í chun go ndeimhneofaí céannacht an ábhair sonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|