2. Cuirfidh an rialaitheoir bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme lena áirithiú nach bpróiseáiltear, mar réamhshocrú, ach na sonraí pearsanta oibríochtúla sin atá leormhaith agus ábhartha agus nach bhfuil iomarcach maidir leis an gcuspóir atá leis an bpróiseáil. Tá feidhm ag an oibleagáid sin maidir leis an méid sonraí pearsanta oibríochtúla a bhailítear, an oiread próiseála a dhéantar orthu, fad na tréimhse a stóráiltear iad agus an rochtain atá orthu. Áiritheofar le bearta den sórt sin, go háirithe, nach gcuirfear sonraí pearsanta oibríochtúla ar fáil mar réamhshocrú do líon éiginnte daoine nádúrtha gan idirghabháil ón duine aonair.