+Airteagal 87 3
|
Airteagal 87 3
3. An phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí, rialófar é le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta oibríochtúla agus catagóirí na n-ábhar sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Forálfar sa chonradh nó sa ghníomh dlí eile sin go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a)
|
gníomhóidh sé ar theagasc ón rialaitheoir agus sa chás sin amháin;
|
|
(b)
|
áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;
|
|
(c)
|
cuideoidh sé leis an rialaitheoir trí aon mheán iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha maidir le cearta an ábhair sonraí;
|
|
(d)
|
ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta oibríochtúla uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis do dheireadh teacht le soláthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí, agus scriosfaidh sé na cóipeanna atá ar marthain, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí pearsanta oibríochtúla sin a stóráil;
|
|
(e)
|
cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir gach faisnéis is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a léiriú;
|
|
(f)
|
comhlíonfaidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus sa mhír seo faoina bhfostófar próiseálaí eile.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|