+Airteagal 87 An próiseálaí
---+Airteagal 87 1
---+Airteagal 87 2
---+Airteagal 87 3
---+Airteagal 87 4
---+Airteagal 87 5
|
Airteagal 87 An próiseálaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 87 1
|
1. I gcás ina mbeidh próiseáil le déanamh thar ceann rialaitheora, ní bhainfidh an rialaitheoir úsáid ach as próiseálaithe a thugann ráthaíochtaí leordhóthanacha go gcuirfear bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla chun feidhme sa dóigh is go gcomhlíonfaidh an phróiseáil ceanglais an Rialacháin seo agus an ghnímh dlí lena mbunaítear an rialaitheoir agus go n-áiritheofar go gcosnófar cearta an ábhair sonraí.
|
|
Airteagal 87 2
|
2. Ní fhostóidh próiseálaí an dara próiseálaí gan údarú sonrach nó ginearálta i scríbhinn roimh ré ón rialaitheoir. I gcás údarú ginearálta i scríbhinn, déanfaidh an próiseálaí an rialaitheoir a chur ar an eolas faoi aon athrú a bheadh beartaithe a bhaineann le próiseálaithe nua a thabhairt isteach nó a chur in ionad próiseálaithe eile, sa chaoi go mbeadh deis ag an rialaitheoir agóid a dhéanamh i gcoinne athruithe den chineál sin.
|
|
Airteagal 87 3
|
3. An phróiseáil a dhéanfaidh próiseálaí, rialófar é le conradh nó le gníomh dlí eile faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit atá ina cheangal ar an bpróiseálaí i dtaca leis an rialaitheoir agus ina leagtar amach ábhar agus fad na próiseála, cineál agus críoch na próiseála, cineál na sonraí pearsanta oibríochtúla agus catagóirí na n-ábhar sonraí agus oibleagáidí agus cearta an rialaitheora. Forálfar sa chonradh nó sa ghníomh dlí eile sin go ndéanfaidh an próiseálaí an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a)
|
gníomhóidh sé ar theagasc ón rialaitheoir agus sa chás sin amháin;
|
|
(b)
|
áiritheoidh sé go bhfuil gealltanas rúndachta tugtha ag na daoine atá údaraithe chun na sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil nó go bhfuil siad faoi cheangal oibleagáide rúndachta reachtúla iomchuí;
|
|
(c)
|
cuideoidh sé leis an rialaitheoir trí aon mheán iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha maidir le cearta an ábhair sonraí;
|
|
(d)
|
ar rogha an rialaitheora, tabharfaidh sé na sonraí pearsanta oibríochtúla uile ar ais don rialaitheoir nó scriosfaidh sé iad, tar éis do dheireadh teacht le soláthar na seirbhísí a bhaineann leis an bpróiseáil sonraí, agus scriosfaidh sé na cóipeanna atá ar marthain, mura rud é go n-éilíonn dlí an Aontais nó dlí Ballstáit go ndéanfar na sonraí pearsanta oibríochtúla sin a stóráil;
|
|
(e)
|
cuirfidh sé ar fáil don rialaitheoir gach faisnéis is gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo a léiriú;
|
|
(f)
|
comhlíonfaidh sé na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 agus sa mhír seo faoina bhfostófar próiseálaí eile.
|
|
|
Airteagal 87 4
|
4. Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an conradh nó an gníomh dlí eile dá dtagraítear i mír 3.
|
|
Airteagal 87 5
|
5. Má sháraíonn próiseálaí an Rialachán seo nó an gníomh dlí lena mbunaítear an rialaitheoir trí chríocha agus modhanna na próiseála a chinneadh, measfar gur rialaitheoir é an próiseálaí i ndáil leis an bpróiseáil sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 21.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1725
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|