1. Coimeádfaidh an rialaitheoir logaí le haghaidh aon cheann de na hoibríochtaí próiseála seo a leanas i gcórais uathoibrithe próiseála: bailiú, athrú, rochtain, comhairliúchán, nochtadh, lena n-áirítear aistrithe, comhcheangal agus léirscriosadh sonraí pearsanta oibríochtúla. Leis na logaí comhairliúcháin agus nochta, beifear in ann an t-údar cuí atá leis na hoibríochtaí sin a bhunú mar aon le dáta agus am na n-oibríochtaí sin, sainaithint an duine a cheadaigh nó a nocht sonraí pearsanta oibríochtúla, agus, a mhéid is féidir, sainaithint faighteoirí na sonraí pearsanta oibríochtúla sin.