2. Áireofar ar a laghad sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 tuairisc ghinearálta ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe, measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, na bearta atá beartaithe chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint na sonraí pearsanta oibríochtúla a áirithiú agus chun a léiriú go bhfuil rialacha cosanta sonraí á gcomhlíonadh, ag cur san áireamh chearta agus leasanna dlisteanacha na n-ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann.