|
+Airteagal 5 Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile ---+Article 5 1. ---+Article 5 2. ---+Article 5 3. ---+Article 5 4. |
Airteagal 5 Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eileAirteagal 5 Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile 1. Doiciméid a eisíonn institiúid Ballstáit agus ina dtaispeántar staid an duine chun críocha chur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin agus an Rialacháin cur chun feidhme, agus fianaise thacaíochta ar ar a bonn a eisíodh na doiciméid, glacfaidh institiúidí na mBallstát eile leo fad is nach ndearna an Ballstát inar eisíodh iad iad a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí. 2. I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, iarrfaidh institiúid an Bhallstáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisitheach agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar an doiciméad. Déanfaidh an institiúid eisitheach athbhreithniú ar na forais chun an doiciméad a eisiúint agus, más gá, é a tharraingt siar. 3. De bhun mhír 2, i gcás ina mbeidh amhras faoin bhfaisnéis a sholáthair na daoine lena mbaineann, faoi bhailíocht doiciméid nó faoin bhfianaise thacaíochta, nó faoi chruinneas na bhfíricí a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, déanfaidh insitiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe, a mhéid is féidir, arna iarraidh sin don insitiúid inniúil, an fíorú is gá ar an bhfaisnéis sin nó ar an doiciméad sin. 4. I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta ar chuir an institiúid a fuair an doiciméad a hiarraidh isteach. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|