+CHAPTER II Provisions concerning cooperation and exchanges of data
---+Airteagal 2 Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin
------+Article 2 1.
------+Article 2 2.
------+Article 2 3.
------+Article 2 4.
---+Airteagal 3 Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leo
------+Article 3 1.
------+Article 3 2.
------+Article 3 3.
------+Article 3 4.
---+Airteagal 4 Formáid agus modh malartaithe na sonraí
------+Article 4 1.
------+Article 4 2.
------+Article 4 3.
---+Airteagal 5 Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile
------+Article 5 1.
------+Article 5 2.
------+Article 5 3.
------+Article 5 4.
---+Airteagal 6 Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar
------+Article 6 1.
------+Article 6 2.
------+Article 6 3.
------+Article 6 4.
------+Article 6 5.
---+Airteagal 7 Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach
------+Article 7 1.
------+Article 7 2.

CHAPTER II Provisions concerning cooperation and exchanges of data

CHAPTER II Provisions concerning cooperation and exchanges of data

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin

Airteagal 2

Raon feidhme na malartuithe idir institiúidí agus rialacha do na malartuithe sin

1.  Chun críocha an Rialacháin cur chun feidhme, beidh malartuithe idir údaráis agus institiúidí na mBallstát agus daoine a fholaítear leis an mbun-Rialachán bunaithe ar phrionsabail na seirbhíse poiblí, na héifeachtúlachta, an chúnaimh ghníomhaigh, an tsoláthair thapa agus na rochtana tapa, lena n-áirítear rochtain leictreonach, go háirithe do dhaoine le míchumas agus do dhaoine aosta.

2.  Soláthróidh nó malartóidh na hinstitiúidí, gan mhoill, na sonraí uile is gá chun cearta agus oibleagáidí na ndaoine a bhfuil feidhm ag an mbun–Rialachán maidir leo a shuíomh agus a chinneadh. Déanfaidh na hinstitiúidí na sonraí a aistriú idir Ballstáit, go díreach iad féin nó go hindíreach trí na comhlachtaí idirchaidrimh.

3.  I gcás ina ndéanfaidh duine, trí dhearmad, faisnéis, doiciméid nó éilimh a chur faoi bhráid institiúide i gcríoch Ballstáit, seachas an Ballstát ina bhfuil an institiúid arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme lonnaithe, déanfaidh an chéad institiúid a luadh, láithreach, an fhaisnéis, na doiciméid nó na héilimh a chur an athuair faoi bhráid na hinstitiúide arna hainmniú i gcomhréir leis an Rialachán cur chun feidhme, ag sonrú di an dáta ar cuireadh faoina bráid i dtosach iad. Beidh an dáta sin ceangailteach ar an institiúid dheireanach a luadh. Ní féidir dliteanas a chur ar institiúidí Ballstáit ná ní mheasfar go ndearna siad cinneadh trí mhainneachtain gníomhú, de bhua moill a bhí ar insititiúidí Ballstát eile faisnéis, doiciméid nó éilimh a tharchur.

4.  I gcás ina ndéanfar na sonraí a aistriú go hindíreach trí chomhlacht idirchaidrimh an Bhallstáit cinn scríbe, is ón dáta a fuair an comhlacht idirchaidrimh sin an t-éileamh a thosóidh na teorainneacha ama maidir le freagairt a thabhairt ar éilimh, amhail is dá mba rud é gurbh í an institiúid sa Bhallstát sin a fuair é.

Airteagal 3 Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leo

Airteagal 3

Raon feidhme malartuithe idir na daoine lena mbaineann agus na hinstitúidí agus rialacha maidir leo

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis is gá a chur ar fáil do na daoine lena mbaineann d’fhonn iad a chur ar an eolas faoi na hathruithe a tugadh isteach leis an mbun-Rialachán agus leis an Rialachán cur chun feidhme chun a chur ar a gcumas a gcearta a dhearbhú. Déanfaidh siad foráil freisin maidir le seirbhísí soláimhsithe a chur ar fáil.

2.  Maidir leis na daoine a mbeidh feidhm ag an mbun-Rialachán maidir leo, ceanglófar orthu an fhaisnéis, na doiciméid nó an fhianaise thacaíochta is gá a chur faoi bhráid na hinstitiúide ábhartha lena staid féin nó staid a dteaghlaigh a shuíomh, lena gcearta agus lena n-oibleagáidí a shuíomh nó a choimeád ar bun agus leis an reachtaíocht is infheidhme agus leis na hoibleagáidí atá orthu fúithi a chinneadh.

3.  Le linn do na Ballstáit sonraí pearsanta a bhailiú, a tharchur nó a phróiseáil de bhun a reachtaíochta chun críocha an bun-Rialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh siad go mbeidh na daoine lena mbaineann ábalta a gcearta maidir le cosaint sonraí pearsanta a lánfheidhmiú, i gcomhréir le forálacha Comhphobail maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

4.  A mhéid is gá chun an bun-Rialachán agus an Rialachán cur chun feidhme a chur i bhfeidhm, cuirfidh na hinstitúidí ábhartha an fhianaise faoi bhráid na n-institiúidí ábhartha agus eiseoidh siad na doiciméid chuig na daoine lena mbaineann gan mhoill agus in aon chás laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe faoi reachtaíocht an Bhallstáit lena mbaineann.

Tabharfaidh an institiúid ábhartha fógra faoina cinneadh don éilitheoir a bhfuil cónaí air nó atá ag fanacht i mBallstát eile, go díreach nó trí chomhlacht idirchaidrimh Ballstát an chónaithe nó an fhanachta. Nuair a bheidh na sochair á ndiúltú, léireoidh sí freisin na cúiseanna a bhí leis an diúltú, na réitigh agus na tréimhsí a cheadaítear le haghaidh achomhairc. Seolfar cóip den chinneadh sin chuig na hinstitiúidí eile lena mbaineann.

Airteagal 4 Formáid agus modh malartaithe na sonraí

Airteagal 4

Formáid agus modh malartaithe na sonraí

1.  Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos struchtúr, inneachar agus formáid na ndoiciméad agus na ndoiciméad leictreonacha caighdeánaithe agus na rialacha mionsonraithe maidir lena malartú.

2.  Déanfar an tarchur sonraí idir na hinstitiúidí nó idir na comhlachtaí idirchaidrimh trí mheán leictreonach go direach nó go hindíreach trí na pointí rochtana faoi chreat slán comhchoiteann a fhéadfaidh rúndacht na sonraí agus cosaint malartuithe sonraí a ráthú.

3.  Ina gcumarsáid leis na daoine lena mbaineann, úsáidfidh na hinstitiúidí ábhartha na socruithe is iomchuí do gach cás agus tabharfaidh siad tús áite, a oiread agus is féidir, d’úsáid meán leictreonach. Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na socruithe praiticiúla le haghaidh faisnéis, doiciméad nó cinntí a sheoladh trí mheán leictreonach chuig an duine lena mbaineann.

Airteagal 5 Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile

Airteagal 5

Luach dlíthiúil doiciméad agus fianaise tacaíochta a eisítear i mBallstát eile

1.  Doiciméid a eisíonn institiúid Ballstáit agus ina dtaispeántar staid an duine chun críocha chur i bhfeidhm an bhun-Rialacháin agus an Rialacháin cur chun feidhme, agus fianaise thacaíochta ar ar a bonn a eisíodh na doiciméid, glacfaidh institiúidí na mBallstát eile leo fad is nach ndearna an Ballstát inar eisíodh iad iad a tharraingt siar ná a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí.

2.  I gcás ina mbeidh amhras faoi bhailíocht doiciméid nó faoi chruinneas na bhfíoras a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, iarrfaidh institiúid an Bhallstáit a fuair an doiciméad an soiléiriú is gá ar an institiúid eisitheach agus, i gcás inarb iomchuí, iarrfaidh sí go dtarraingeofaí siar an doiciméad. Déanfaidh an institiúid eisitheach athbhreithniú ar na forais chun an doiciméad a eisiúint agus, más gá, é a tharraingt siar.

3.  De bhun mhír 2, i gcás ina mbeidh amhras faoin bhfaisnéis a sholáthair na daoine lena mbaineann, faoi bhailíocht doiciméid nó faoin bhfianaise thacaíochta, nó faoi chruinneas na bhfíricí a bhfuil na sonraí atá ann bunaithe orthu, déanfaidh insitiúid na háite fanachta nó na háite cónaithe, a mhéid is féidir, arna iarraidh sin don insitiúid inniúil, an fíorú is gá ar an bhfaisnéis sin nó ar an doiciméad sin.

4.  I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an t-ábhar a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta ar chuir an institiúid a fuair an doiciméad a hiarraidh isteach. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair.

Airteagal 6 Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar

Airteagal 6

Reachtaíocht a chur i bhfeidhm go sealadach agus deonú sealadach sochar

1.  Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó ag údaráis dhá Bhallstát nó níos mó ná dhá Bhallstát maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh, déanfar an duine lena mbaineann a chur go sealadach faoi réir reachtaíochta ceann de na Ballstáit seo a leanas, agus an t-ord tosaíochta á chinneadh mar a leanas:

(a) 

reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an duine ag gabháil dá chuid fostaíochta nó dá chuid féinfhostaíochta, go hiarbhír, más i mBallstát amháin atáthar ag gabháil don fhostaíocht nó don fhéinfhostaíocht;

▼M2

(b) 

reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe má shaothraíonn an duine lena mbaineann fostaíocht nó féinfhostaíocht in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin agus má dhéanann an duine sin cuid dá ghníomhaíocht nó dá ghníomhaíochtaí sa Bhallstát cónaithe, nó mura bhfuil an duine lena mbaineann ní fostaithe ná féinfhostaithe;

(c) 

i ngach cás eile, reachtaíocht an Bhallstáit ar iarradh í a chur i bhfeidhm i dtús báire má tá an duine ag saothrú gníomhaíochta nó gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin.

▼B

2.  I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag institiúidí nó údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó maidir le cibé institiúid ba chóir na sochair comhchineáil nó na sochair airgid a sholáthar, beidh an duine lena mbaineann a d’fhéadfadh sochair a éileamh mura raibh aon díospóid ann, ar bhonn sealadach, i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann institiúid a áite cónaithe i bhfeidhm nó, mura bhfuil cónaí ar an duine sin ar chríoch ceann de na Ballstáit lena mbaineann, beidh sé i dteideal na sochar dá bhforáiltear sa reachtaíocht a chuireann an institiúid i bhfeidhm arb í an institiúid í a cuireadh an iarraidh faoina bráid i dtosach.

3.  I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú idir na hinstitiúidí nó idir na húdaráis lena mbaineann, féadfaidh na húdaráis inniúla an cheist a thabhairt os comhair an Choimisiúin Riaracháin tráth nach luaithe ná aon mhí tar éis an dáta inar tharla an éagsúlacht dearcaí dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin dianiarracht réiteach a bhaint amach idir na dearcaí laistigh de shé mhí ón dáta ar tugadh an t-ábhar os a chomhair.

4.  I gcás ina suífear nach í reachtaíocht Bhallstát na ballraíochta sealadaí an reachtaíocht is infheidhme nó nárbh í an institiúid a dheonaigh na sochair ar bhonn sealadach an institiúid inniúil, measfar go mbeidh an institiúid a aithníodh mar institiúid inniúil amhlaidh go haisghníomhach amhail is nach raibh an éagsúlacht dearcaí seo ann, ar a dheireanaí, ó dháta na ballraíochta sealadaí nó ó dháta chéad dheonú sealadach na sochar lena mbaineann.

5.  Más gá, déanfaidh an institiúid a sainaithníodh mar institiúid inniúil agus an institiúid a d’íoc na sochair airgid go sealadach nó a fuair ranníocaíochtaí go sealadach staid airgeadais an duine lena mbaineann a réiteach a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus le sochair airgid tirim a íocadh go sealadach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le Teideal IV, Caibidil III den Rialachán cur chun feidhme.

Na sochair chomhchineáil a dheonaigh institiúid go sealadach i gcomhréir le mír 2, déanfaidh an institiúid inniúil iad a aisíoc i gcomhréir le Teideal IV den Rialachán cur chun feidhme.

Airteagal 7 Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach

Airteagal 7

Sochair agus ranníocaíochtaí a ríomh go sealadach

1.  Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina mbeidh duine i dteideal sochar nó i gcás ina ndlífidh duine ranníocaíochtaí a íoc i gcomhréir leis an mbun-Rialachán, agus nach bhfuil an fhaisnéis go léir is gá ag an institiúid inniúil maidir leis an staid i mBallstát eile chun méid an tsochair sin nó na ranníocaíochta sin a ríomh go críochnaitheach, tabharfaidh an institiúid an sochar sin arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó ríomhfaidh sí an ranníocaíocht sin ar bhonn sealadach más féidir an ríomh sin a dhéanamh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil ag an institiúid sin.

2.  Déanfar an sochar nó an ranníocaíocht lena mbaineann a athríomh a luaithe a dhéanfar an fhianaise thacaíochta nó na doiciméid tacaíochta uile is gá a sholáthar don institiúid lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.