|
+Airteagal 16 Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm ---+Article 16 1. ---+Article 16 2. ---+Article 16 3. ---+Article 16 4. ---+Article 16 5. ---+Article 16 6. |
Airteagal 16 Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhmAirteagal 16 Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm 1. Duine a shaothraíonn gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfidh sé institiúid ainmnithe an Bhallstáit cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin. 2. Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe, gan mhoill, an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d’Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme. Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh tosaigh sin. Cuirfidh an institiúid a cinneadh sealadach in iúl d’institiúidí gach Ballstáit ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú. 3. Cinneadh sealadach na reachtaíochta is infheidhme, mar a fhoráiltear dó i mír 2, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfear na hinstitiúidí arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis, i gcomhréir le mír 2, mura rud é gur cinneadh an reachtaíocht go críochnaitheach roimhe sin ar bhonn mhír 4, nó mura dtabharfaidh ar a laghad ceann amháin de na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don institiúid arna hainmniú ag institiúid inniúil an Bhallstáit chónaithe faoi dheireadh na tréimhse dhá mhí seo nach féidir léi glacadh fós leis an gcinneadh, nó nach é an tuairim chéanna atá aici ina thaobh. 4. I gcás inar gá teagmháil idir institiúidí nó údaráis dhá Bhallstát nó níos mó mar gheall ar neamhchinnteacht faoi chinneadh na reachtaíochta is infheidhme, cinnfear de thoil a chéile an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, arna iarraidh sin d’institiúid amháin nó níos mó arna hainmniú nó arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nó na n-údarás inniúil iad féin, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus d’fhorálacha ábhartha Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme. I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag na hinstitiúidí nó ag na húdaráis inniúla lena mbaineann, féachfaidh na comhlachtaí seo le teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach thuas agus beidh feidhm ag forálacha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme. 5. Institiúid inniúil an Bhallstáit a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go críochnaitheach, cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill. 6. Má mhainníonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar thionscnamh na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit cónaithe ar an duine sin, a luaithe a chuirfear staid an duine sin in iúl di, rud a d’fhéadfadh institiúid eile lena mbaineann a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|