+TITLE II DETERMINATION OF THE LEGISLATION APPLICABLE
---+Airteagal 14 Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán
------+Article 14 1.
------+Article 14 2.
------+Article 14 3.
------+Article 14 4.
------+Article 14 5.
------+Article 14 5a.
------+Article 14 5b.
------+Article 14 6.
------+Article 14 7.
------+Article 14 8.
------+Article 14 9.
------+Article 14 10.
------+Article 14 11.
---+Airteagal 15 Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11(3)(b) agus (d), Airteagal 11(4) agus Airteagal 12 den bhun-Rialachán (maidir le faisnéis a chur ar fáil do na hinstitiúidí lena mbaineann)
------+Article 15 1.
------+Article 15 2.
------+Article 15 3.
---+Airteagal 16 Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
------+Article 16 1.
------+Article 16 2.
------+Article 16 3.
------+Article 16 4.
------+Article 16 5.
------+Article 16 6.
---+Airteagal 17 Nós imeachta maidir le hAirteagal 15 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 18 Nós imeachta maidir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 19 Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d’fhostóirí
------+Article 19 1.
------+Article 19 2.
---+Airteagal 20 Comhar idir institiúidí
------+Article 20 1.
------+Article 20 2.
---+Airteagal 21 Oibleagáidí an fhostóra
------+Article 21 1.
------+Article 21 2.

TITLE II DETERMINATION OF THE LEGISLATION APPLICABLE

TITLE II DETERMINATION OF THE LEGISLATION APPLICABLE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán

Airteagal 14

Sonraí a bhaineann le hAirteagal 12 agus le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán

1.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, ‘duine a ghabhann de ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar ceann fostóra a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin, agus a ndéanann an fostóir sin é a phostú chuig Ballstát eile’, d’fhéadfadh sé gur duine é a earcaítear d’fhonn é a phostú, ar chuntar go bhfuil an duine lena mbaineann, díreach roimh thosach a chuid fostaíochta, faoi réir, cheana féin, ag reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil a fhostóir bunaithe.

2.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(1) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gurb ann is iondúil a dhéanann sé a ghníomhaíochtaí’, d’fhostóir ar gnách dó gabháil do ghníomhaíochtaí substaintiúla, seachas do ghníomhaíochtaí nach bhfuil iontu ach gníomhaíochtaí inmheánacha bainistíochta, i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé nó sí bunaithe, ag cur san áireamh na critéir go léir arb iad saintréithe na ngníomhaíochtaí a dhéanann an gnóthas lena mbaineann sé. Caithfidh na critéir ábhartha a bheith oiriúnach do shaintréithe sonracha gach fostóra agus d’fhíorchineál na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

3.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn na focail ‘gur mar dhuine féinfhostaithe is iondúil a ghabhann sé de ghníomhaíocht’, do dhuine ar gnách dó gníomhaíochtaí substaintiúla a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. Go háirithe, caithfidh an duine sin a bheith ag gabháil don ghníomhaíocht sin ar feadh tréimhse roimh an dáta ar mian leis buntáiste a bhaint as forálacha an Airteagail sin, agus le linn aon tréimhse gníomhaíochta sealadaí i mBallstát eile, ní mór dó leanúint de na ceanglais maidir le gabháil dá ghníomhaíocht a chomhlíonadh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, ionas go mbeidh sé in ann í a shaothrú ar fhilleadh dó.

4.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 12(2) den bhun-Rialachán, is é cineál iarbhír na gníomhaíochta an critéar lena gcinnfear an bhfuil an ghníomhaíocht a dtéann an duine féinfhostaithe ag gabháil de i mBallstát eile ‘de shamhail’ na gníomhaíochta fostaíochta a dhéantar de ghnáth, seachas an tuairisc mar ghníomhaíocht fostaíochta nó féinfhostaíochta a fhéadfaidh an Ballstát eile a thabhairt ar an ngníomhaíocht sin.

▼M2

5.  D’fhonn Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin’ do dhuine a dhéanann gníomhaíocht leithleach amháin nó níos mó ná sin go comhuaineach, nó de réir uainíochta, thar ceann an ghnóthais chéanna nó an fhostóra céanna nó ar son roinnt gnóthas nó roinnt fostóirí, in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin.

▼M2

5a.  D’fhonn Teideal II den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh ‘oifig chláraithe nó áit ghnó’ don oifig chláraithe nó don áit ghnó ina ndéantar cinntí bunriachtanacha an ghnóthais agus ina gcuirtear feidhmeanna a riaracháin lárnaigh i gcrích.

Chun críocha Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, beidh ball fostaithe den fhoireann eitilte nó den fhoireann cábáin a shaothraíonn seirbhísí d’aerphaisinéirí nó do sheirbhísí aerlasta de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit a bhfuil an bhunáit, mar a shainmhínítear í in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta ( 1 ), suite ann.

5b.  Déanfar neamhaird ar ghníomhaíochtaí imeallacha chun críocha na reachtaíochta is infheidhme faoi Airteagal 13 den bhun-Rialachán a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal 16 den Rialachán cur chun feidhme maidir leis na cásanna uile faoin Airteagal seo.

▼B

6.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, tagraíonn ‘duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó’ go háirithe, do dhuine a shaothraíonn gníomhaíocht leithleach féinfhostaíochta amháin nó níos mó, go comhuaineach nó go malartach, beag beann ar chineál na ngníomhaíochtaí sin, in dhá Bhallstát nó níos mó.

7.  Chun idirdhealú a dhéanamh idir na gníomhaíochtaí faoi mhír 5 agus faoi mhír 6 agus na staideanna a shainítear in Airteagal 12(1) agus (2) den bhun-Rialachán, gné chinntitheach a bheidh i ré na gníomhaíochta (bíodh sí de chineál buan, ad hoc nó sealadach) i mBallstát eile amháin nó níos mó. Chun na gcríoch seo, déanfar measúnú foriomlán ar na fíorais ábhartha uile, lena n-áirítear go háirithe, i ndáil le duine fostaithe, an t-ionad oibre mar a shainmhínítear sa chonradh oibre é.

8.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) agus (2) den bhun-Rialachán, ciallóidh ‘cuid shubstaintiúil de ghníomhaíocht fostaíochta nó fhéinfhostaíochta’ arna saothrú i mBallstát gurb ann a dhéantar cuid shubstaintiúil ó thaobh cainníochta de ghníomhaíochtaí uile an duine fhostaithe nó fhéinfhostaithe a shaothrú, cé nach gá go mbeadh sé seo mar phríomhchuid de na gníomhaíochtaí sin.

Chun go gcinnfear an i mBallstát atá cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí á saothrú, cuirfear na critéir tháscacha seo a leanas san áireamh:

(a) 

i gcás gníomhaíochta fostaíochta, an t-am oibre agus/nó an luach saothair; agus

(b) 

i gcás gníomhaíochta féin-fhostaíochta, an láimhdeachas, an t-am oibre, líon na seirbhísí a rinneadh agus/nó an luach saothair.

I réim measúnaithe foriomláin, léireoidh cion níos lú ná 25 % de na critéir a luaitear thuas go bhfuil cuid shubstaintiúil de na gníomhaíochtaí nach bhfuil á saothrú sa Bhallstát ábhartha.

9.  Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, déanfar ‘lárionad leasa’ ghníomhaíochtaí duine fhéinfhostaithe a chinneadh trí gach gné de ghníomhaíochtaí ceirde an duine sin a chur san áireamh, ach go háirithe an áit a bhfuil áit sheasta bhuan ghnó an duine lonnaithe, cineál gnáthach nó ré na ngníomhaíochtaí arna saothrú, líon na seirbhísí a rinneadh, agus a bhfuil ar intinn ag an duine, mar is follas ó na himthosca go léir.

10.  Chun an reachtaíocht is infheidhme faoi mhír 8 agus faoi mhír 9 a chinneadh, cuirfidh na hinstitiúidí lena mbaineann san áireamh an staid a thoimhdeofar a bheith ann sna 12 mhí féilire ina dhiaidh sin.

11.  Má shaothraíonn duine a ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó thar ceann fostóra atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais, agus má tá cónaí ar an duine seo i mBallstát gan gníomhaíocht shubstaintiúil a shaothrú ann, beidh sé faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe.

Airteagal 15 Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11(3)(b) agus (d), Airteagal 11(4) agus Airteagal 12 den bhun-Rialachán (maidir le faisnéis a chur ar fáil do na hinstitiúidí lena mbaineann)

Airteagal 15

Nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 11(3)(b) agus (d), Airteagal 11(4) agus Airteagal 12 den bhun-Rialachán (maidir le faisnéis a chur ar fáil do na hinstitiúidí lena mbaineann)

1.  Mura bhforáiltear a mhalairt le hAirteagal 16 den Rialachán cur chun feidhme, i gcás ina saothraíonn duine a ghníomhaíocht i mBallstát seachas sa Bhallstát atá inniúil faoi Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh an fostóir, nó i gcás duine nach saothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe, an duine lena mbaineann, ar an eolas institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme, roimh ré, aon uair is féidir é. ►M2  Déanfaidh an institiúid sin an fianú dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán cur chun feidhme a eisiúint don duine lena mbaineann agus cuirfidh sí faisnéis ar fáil, gan mhoill, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtaca leis an duine sin, de bhun Airteagal 11(3)(b) nó Airteagal 12 den bhun-Rialachán, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit ina mbeidh an ghníomhaíocht á saothrú. ◄

2.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag mír 1 maidir le daoine a chumhdaítear le hAirteagal 11(3)(d) den bhun-Rialachán.

3.  Fostóir, de réir bhrí Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán, a bhfuil fostaí ar bord soithigh a bhfuil bratach Ballstáit eile ar foluain aige, cuirfidh sé ar an eolas institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme, roimh ré, aon uair is féidir é. Cuirfidh an institiúid sin faisnéis ar fáil, gan mhoill, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit arb é a bhratach atá ar foluain ar an soitheach ar a gcleachtfaidh an fostaí an ghníomhaíocht, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán.

Airteagal 16 Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Airteagal 16

Nós imeachta maidir le hAirteagal 13 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

1.  Duine a shaothraíonn gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó, cuirfidh sé institiúid ainmnithe an Bhallstáit cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin.

2.  Cinnfidh institiúid ainmnithe na háite cónaithe, gan mhoill, an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, ag féachaint d’Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme. Cinneadh sealadach a bheidh sa chinneadh tosaigh sin. Cuirfidh an institiúid a cinneadh sealadach in iúl d’institiúidí gach Ballstáit ina bhfuil gníomhaíocht á saothrú.

3.  Cinneadh sealadach na reachtaíochta is infheidhme, mar a fhoráiltear dó i mír 2, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann laistigh de dhá mhí ón dáta a gcuirfear na hinstitiúidí arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas maidir leis, i gcomhréir le mír 2, mura rud é gur cinneadh an reachtaíocht go críochnaitheach roimhe sin ar bhonn mhír 4, nó mura dtabharfaidh ar a laghad ceann amháin de na hinstitiúidí lena mbaineann fógra don institiúid arna hainmniú ag institiúid inniúil an Bhallstáit chónaithe faoi dheireadh na tréimhse dhá mhí seo nach féidir léi glacadh fós leis an gcinneadh, nó nach é an tuairim chéanna atá aici ina thaobh.

4.  I gcás inar gá teagmháil idir institiúidí nó údaráis dhá Bhallstát nó níos mó mar gheall ar neamhchinnteacht faoi chinneadh na reachtaíochta is infheidhme, cinnfear de thoil a chéile an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an duine lena mbaineann, arna iarraidh sin d’institiúid amháin nó níos mó arna hainmniú nó arna n-ainmniú ag údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann nó na n-údarás inniúil iad féin, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 13 den bhun-Rialachán agus d’fhorálacha ábhartha Airteagal 14 den Rialachán cur chun feidhme.

I gcás ina mbeidh dearcaí éagsúla ag na hinstitiúidí nó ag na húdaráis inniúla lena mbaineann, féachfaidh na comhlachtaí seo le teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach thuas agus beidh feidhm ag forálacha Airteagal 6 den Rialachán cur chun feidhme.

5.  Institiúid inniúil an Bhallstáit a gcinnfear a reachtaíocht a bheith infheidhme go sealadach nó go críochnaitheach, cuirfidh sí an duine lena mbaineann ar an eolas gan mhoill.

6.  Má mhainníonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar, cuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm ar thionscnamh na hinstitiúide arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit cónaithe ar an duine sin, a luaithe a chuirfear staid an duine sin in iúl di, rud a d’fhéadfadh institiúid eile lena mbaineann a dhéanamh.

Airteagal 17 Nós imeachta maidir le hAirteagal 15 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Airteagal 17

Nós imeachta maidir le hAirteagal 15 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Feidhmeoidh foireann conarthach na gComhphobal Eorpach an ceart chun rogha dá bhforáiltear in Airteagal 15 den bhun-Rialachán tráth a dtabharfar an conradh fostaíochta i gcrích. An t-údarás a chumhachtófar chun an conradh sin a thabhairt i gcrích, cuirfidh sé ar an eolas institiúid ainmnithe an Bhallstáit a mbeidh ball foireann conarthach na gComhphobal Eorpach tar éis a reachtaíocht a roghnú.

Airteagal 18 Nós imeachta maidir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le hAirteagal 16 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm

Iarraidh ón bhfostóir nó ón duine lena mbaineann ar eisceachtaí ó Airteagail 11 go 15 den bhun-Rialachán, déanfar, roimh ré aon uair is féidir, í a chur faoi bhráid an údaráis inniúil nó an chomhlachta arna ainmniú ag údarás an Bhallstáit arb í a reachtaíocht a iarrann an fostaí nó an duine lena mbaineann a cur i bhfeidhm.

Airteagal 19 Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d’fhostóirí

Airteagal 19

Faisnéis a sholáthar do na daoine lena mbaineann agus d’fhostóirí

1.  Institiúid inniúil an Bhallstáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh sí an duine lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, a fhostóir nó a fhostóirí, ar an eolas faoi na hoibleagáidí a leagtar síos sa reachtaíocht sin. Cuirfidh sí ar fáil dóibh an chabhair is gá chun na foirmiúlachtaí a cheanglaítear faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh.

2.  Arna iarraidh sin don duine lena mbaineann nó don fhostóir, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a bhfuil a reachtaíocht infheidhme de bhun forála de chuid Theideal II den bhun-Rialachán fianú a chur ar fáil á rá go bhfuil an reachtaíocht sin infheidhme agus sonróidh sí, i gcás inarb iomchuí, dáta deireanach agus coinníollacha na hinfheidhmeachta.

Airteagal 20 Comhar idir institiúidí

Airteagal 20

Comhar idir institiúidí

1.  Cuirfidh na hinstitiúidí ábhartha i bhfios d’institiúid inniúil an Bhallstáit arb í a reachtaíocht is infheidhme maidir le duine de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, an fhaisnéis is gá chun an dáta a shuíomh a dtagann an reachtaíocht sin chun bheith infheidhme agus chun na ranníocaíochtaí a dhlíonn an duine sin agus a fhostóir nó a fhostóirí a íoc faoin reachtaíocht sin a chinneadh.

2.  Institiúid inniúil an Bhallstáit a dtagann a reachtaíocht chun bheith infheidhme maidir le duine, de bhun Theideal II den bhun-Rialachán, cuirfidh sí an fhaisnéis lena sonraítear an dáta a ngabhann éifeacht le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin ar fáil don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh an duine sin faoi réir a reachtaíochta.

Airteagal 21 Oibleagáidí an fhostóra

Airteagal 21

Oibleagáidí an fhostóra

1.  Déanfaidh fostóir ar lasmuigh den Bhallstát inniúil atá a oifig chláraithe nó a áit ghnó aige na hoibleagáidí uile a chomhlíonadh a leagtar síos leis an reachtaíocht is infheidhme maidir lena fhostaithe, go háirithe an oibleagáid na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin a íoc, amhail is dá mba i mBallstát a bhí a oifig chláraithe nó a áit ghnó nó a hoifig chláraithe nó a háit ghnó aige nó aici.

2.  Féadfaidh fostóir, nach bhfuil áit ghnó sa Bhallstát aige a bhfuil a reachtaíocht infheidhme, agus an fostaí, comhaontú go gcomhlíonfaidh an fostaí oibleagáidí an fhostóra thar a cheann a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí a íoc, gan dochar do bhunoibleagáidí an fhostaí. Cuirfidh an fostóir fógra faoin socrú sin chuig institiúid inniúil an Bhallstáit sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.