|
+Airteagal 31 Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm ---+Article 31 1. ---+Article 31 2. ---+Article 31 3. ---+Article 31 4. |
Airteagal 31 Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhmAirteagal 31 Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm A. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil 1. Cuirfidh an institiúid inniúil an duine lena mbaineann ar an eolas maidir leis an bhforáil atá in Airteagal 34 den bhun-Rialachán maidir le forluí sochar a chosc. Áiritheofar le cur i bhfeidhm na rialacha sin go mbeidh an duine nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil i dteideal an méid iomláin chéanna nó an luacha chéanna ar a laghad a mbeadh sé ina theideal dá mbeadh cónaí air sa Bhallstát sin. 2. Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta ar an eolas freisin faoi íoc sochar airgid cúraim fhadtéarmaigh i gcás ina bhforáiltear, leis an reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm, do na sochair chomhchineáil cúraim fhadtéarmaigh, a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den bhun-Rialachán. B. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid na háite cónaithe nó fanachta 3. Agus an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 faighte aici, cuirfidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon sochar cúraim fhadtéarmaigh comhchineáil atá beartaithe chun na críche céanna agus a dheonaítear faoina reachtaíocht don duine lena mbaineann agus faoin ráta aisíoca is infheidhme ina leith. 4. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin bearta cur chun feidhme a leagan síos don Airteagal seo i gcás inar gá sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|