+CHAPTER I Sickness, maternity and equivalent paternity benefits
---+Airteagal 22 Forálacha ginearálta cur chun feidhme
------+Article 22 1.
------+Article 22 2.
---+Airteagal 23 An córas a bheidh ann i gcás níos mó ná socrú amháin a bheith ann sa Bhallstát cónaithe nó fanachta
---+Airteagal 24 Cónaí i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 24 1.
------+Article 24 2.
------+Article 24 3.
---+Airteagal 25 Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 25 1.
------+Article 25 2.
------+Article 25 3.
------+Article 25 4.
------+Article 25 5.
------+Article 25 6.
------+Article 25 7.
------+Article 25 8.
------+Article 25 9.
------+Article 25 10.
---+Airteagal 26 Cóireáil sceidealta
------+Article 26 1.
------+Article 26 2.
------+Article 26 3.
------+Article 26 4.
------+Article 26 5.
------+Article 26 6.
------+Article 26 7.
------+Article 26 8.
------+Article 26 9.
---+Airteagal 27 Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 27 1.
------+Article 27 2.
------+Article 27 3.
------+Article 27 4.
------+Article 27 5.
------+Article 27 6.
------+Article 27 7.
------+Article 27 8.
------+Article 27 9.
------+Article 27 10.
---+Airteagal 28 Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
------+Article 28 1.
------+Article 28 2.
------+Article 28 3.
------+Article 28 4.
------+Article 28 5.
------+Article 28 6.
---+Airteagal 29 Airteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 30 Ranníocaí ó phinsinéirí
---+Airteagal 31 Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
------+Article 31 1.
------+Article 31 2.
------+Article 31 3.
------+Article 31 4.
---+Airteagal 32 Bearta speisialta cur chun feidhme
------+Article 32 1.
------+Article 32 2.
------+Article 32 3.
|
CHAPTER I Sickness, maternity and equivalent paternity benefits
CHAPTER I Sickness, maternity and equivalent paternity benefits
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 Forálacha ginearálta cur chun feidhme
|
Airteagal 22 Forálacha ginearálta cur chun feidhme 1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla nó na hinstitiúidí inniúla go ndéanfar aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil do dhaoine árachaithe faoi na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha maidir le deonú sochar comhchineáil i gcás ina bhfaightear na sochair sin ar chríoch Ballstáit seachas críoch na hinstitiúide inniúla. 2. D’ainneoin Airteagal 5(a) den bhun-Rialachán, ní fhéadfaidh Ballstát teacht chun bheith freagrach as costais sochar i gcomhréir le hAirteagal 22 den bhun-Rialachán ach amháin má rinne an duine árachaithe éileamh ar phinsean faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nó, i gcomhréir le hAirteagal 23 go hAirteagal 30 den bhun-Rialachán, má tá pinsean á fháil aige faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin.
|
|
Airteagal 23 An córas a bheidh ann i gcás níos mó ná socrú amháin a bheith ann sa Bhallstát cónaithe nó fanachta
|
Airteagal 23 An córas a bheidh ann i gcás níos mó ná socrú amháin a bheith ann sa Bhallstát cónaithe nó fanachta Má chuimsíonn reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe nó fanachta níos mó ná an t-aon scéim árachais bhreoiteachta, máithreachais agus atharthachta amháin, le haghaidh níos mó ná catagóir amháin de dhaoine árachaithe, is iad na forálacha is infheidhme faoi Airteagail 17, 19(1), 20, 22, 24, agus 26 den bhun-Rialachán forálacha na reachtaíochta maidir leis an scéim ghinearálta le haghaidh daoine fostaithe.
|
|
Airteagal 24 Cónaí i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
|
Airteagal 24 Cónaí i mBallstát seachas an Ballstát inniúil 1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 17 den bhun-Rialachán, beidh sé d’oibleagáid ar an duine árachaithe agus/nó ar dhaoine dá dteaghlaigh clárú le hinstitiúid na háite cónaithe. Deimhneofar a gceart chun sochar comhchineáil sa Bhallstát cónaithe le doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil, arna iarraidh sin don duine árachaithe nó arna iarraidh sin d’institiúid na háite cónaithe. 2. Leanfaidh an doiciméad dá dtagraítear i mír 1 de bheith bailí go dtí go dtabharfaidh an institiúid inniúil fógra d’insitiúid na háite cónaithe maidir lena chur ar ceal. Cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas maidir le haon chlárú faoi mhír 1 agus maidir le haon athrú ar an gclárú sin nó maidir lena chur ar ceal. 3. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagail 22, 24, 25 agus 26 den bhun-Rialachán.
|
|
Airteagal 25 Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
|
Airteagal 25 Fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil A. Nós imeachta agus raon feidhme cirt 1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 19 den bhun-Rialachán, tíolacfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil lena léireofaí don soláthróir cúraim sláinte i mBallstát an fhanachta a theidlíocht chun sochar comhchineáil. Mura mbeidh doiciméad den sórt sin ag an duine árachaithe, rachaidh institiúid na háite fanachta, ar iarraidh nó más gá ar shlí eile, i dteagmháil leis an institiúid inniúil chun doiciméad den sórt sin a fháil. 2. Léireoidh an doiciméad sin go bhfuil an duine árachaithe i dteideal sochar comhchineáil faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 19 den bhun-Rialachán ar na téarmaí céanna leis na téarmaí is infheidhme maidir le daoine atá árachaithe faoi reachtaíocht Bhallstát an fhanachta. 3. Tagróidh na sochair chomhchineáil dá dtagraítear in Airteagal 19(1) den bhun-Rialachán do na sochair chomhchineáil a sholáthraítear i mBallstát an fhanachta, i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin, agus a thagann chun bheith riachtanach ar fhorais liachta d’fhonn nach gceanglófaí ar an duine árachaithe filleadh ar an mBallstát inniúil, roimh dheireadh na ré pleanáilte fanachta, chun an chóireáil atá riachtanach a fháil. B. Nós imeachta agus socruithe chun na costais a sheasamh agus chun aisíocaíocht sochar comhchineáil a sholáthar 4. Má d’iompair an duine árachaithe costais na sochar comhchineáil uile a soláthraíodh faoi chuimsiú Airteagal 19 den bhun-Rialachán nó costais coda díobh, agus má chumasaítear le reachtaíocht a chuireann institiúid na háite fanachta i bhfeidhm costais seo a aisíoc leis an duine árachaithe, féadfaidh sé iarratas ar aisíoc a chur chuig institiúid na háite fanachta. Sa chás sin, aisíocfaidh an institiúid sin go díreach leis an duine sin suim na gcostas a fhreagróidh do na sochair sin laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht. 5. Mura ndearnadh aisíocaíocht na gcostas sin a iarraidh go díreach ar institiúid na háite fanachta, déanfaidh an institiúid inniúil na costais a tabhaíodh a aisíoc leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na rátaí aisíocaíochta arna riar ag institiúid na háite fanachta, nó leis na méideanna a bheadh faoi réir a n-aisíoca le hinstitiúid na háite fanachta, dá mbeadh feidhm ag Airteagal 62 den Rialachán cur chun feidhme sa chás lena mbaineann. Cuirfidh institiúid na háite fanachta an fhaisnéis uile is gá faoi na rátaí sin nó faoi na méideanna sin ar fáil don institiúid inniúil arna iarraidh sin di. 6. De mhaolú ar mhír 5, féadfaidh an institiúid inniúil aisíoc na gcostas a tabhaíodh, laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí aisíoca a leagtar síos ina reachtaíocht, a ghabháil uirthi féin, ar chuntar go mbeidh an duine árachaithe tar éis a aontú go gcuirfí an fhoráil seo i bhfeidhm maidir leis. 7. Mura bhforáiltear le reachtaíocht an Bhallstáit fhanachta d’aisíoc de bhun mhír 4 agus mhír 5 sa chás lena mbaineann, féadfaidh an institiúid inniúil na costais a aisíoc laistigh de theorainneacha agus faoi choinníollacha na rátaí a leagtar síos ina reachtaíocht, gan aontú an duine árachaithe. 8. Ní rachaidh an aisíocaíocht leis an duine árachaithe, ar aon chor, thar mhéid na gcostas a thabhaigh sé nó sí iarbhír. 9. I gcás chaiteachais shuntasaigh, féadfaidh an institiúid inniúil réamhíocaíocht iomchuí a íoc leis an duine árachaithe a luaithe a dhéanfaidh an duine sin an t-iarratas ar aisíocaíocht a chur faoina bráid. C. Daoine den teaghlach 10. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 9 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe.
|
|
Airteagal 26 Cóireáil sceidealta
|
Airteagal 26 Cóireáil sceidealta A. Nós imeachta um údarú 1. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 20(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil a thíolacadh d’institiúid na háite fanachta. Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh an institiúid inniúil an institiúid a iompróidh costas na cóireála sceidealta; sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 20(4) agus in Airteagal 27(5) den bhun-Rialachán agus ina ndéanfar na sochair chomhchineáil arna soláthar i mBallstát an chónaithe a aisíoc ar bhonn méideanna socraithe, ciallóidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe. 2. Mura bhfuil cónaí ar an duine árachaithe sa Bhallstát inniúil, iarrfaidh sé údarú ar institiúid na háite cónaithe a sheolfaidh ar aghaidh chuig an institiúid inniúil gan mhoill é. Sa chás seo, deimhneoidh institiúid na háite cónaithe i ndearbhú cibé acu an bhfuil coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát an chónaithe. Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú arna iarraidh a dheonú, ach amháin i gcás nach mbeidh na coinníollacha a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán á gcomhlíonadh i mBallstát cónaithe an duine árachaithe, i gcomhréir le measúnú institiúid na háite cónaithe, nó i gcás ina bhféadfar an chóireáil chéanna a sholáthar sa Bhallstát inniúil féin, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh an leighis de, ag cur san áireamh staid sláinte reatha an duine lena mbaineann chomh maith leis an gcúrsa is dóigh a bheadh ag an tinneas atá ar an duine lena mbaineann. Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir lena cinneadh. Mura mbeidh freagra faighte laistigh de na spriocdhátaí a leagtar amach lena reachtaíocht náisiúnta, measfar go mbeidh an t-údarú deonaithe ag an institiúid inniúil. 3. Má tá gá ag duine árachaithe, nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil, le cóireáil phráinneach shár-riachtanach agus nach féidir an t-údarú a dhiúltú i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 20(2) den bhun-Rialachán, deonóidh institiúid na háite cónaithe an t-údarú thar ceann na hinstitiúide inniúla, agus cuirfidh institiúid na háite cónaithe an institiúid inniúil ar an eolas láithreach. Glacfaidh an institiúid inniúil leis na cinntí agus leis na roghanna cóireála ó na dochtúirí arna bhformheas ag institiúid na háite cónaithe a eisíonn an t-údarú maidir leis an ngá atá le cóireáil phráinneach, shár-riachtanach. 4. Aon tráth i rith an nós imeachta lena ndeonaítear an t-údarú, forchoimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir a roghnóidh sí sa Bhallstát fanachta nó cónaithe. 5. Cuirfidh institiúid na háite fanachta, gan dochar d’aon chinneadh maidir le húdarú, an institiúid inniúil ar an eolas, más cosúil go bhfuil sé iomchuí ó thaobh an leighis de, an chóireáil a chumhdaítear leis an údarú atá ann cheana a fhorlíonadh. B. Costas na sochar comhchineáil arna dtabhú ag an duine árachaithe a ghlanadh 6. Gan dochar do mhír 7, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 25(4) agus (5) den Rialachán cur chun feidhme. 7. Má d’iompair an duine árachaithe féin costais uile nó cuid de chostais na cóireála leighis arna húdarú, agus más ísle méid na gcostais a bhfuil sé d’oibleagáid ar an institiúid inniúil iad a aisíoc le hinstitiúid na háite fanachta nó leis an duine árachaithe i gcomhréir le mír 6 (costas iarbhír) ná méid na gcostas a bheadh uirthi a ghabháil uirthi féin as an gcóireáil chéanna sa Bhallstát inniúil (costas barúlach), aisíocfaidh an institiúid inniúil leis nó léi, arna iarraidh sin dó, costas na cóireála a thabhaigh an duine árachaithe go dtí méid na difríochta atá idir an costas barúlach agus an costas iarbhír. Ní fhéadfaidh méid na haisíocaíochta, áfach, dul thar mhéid na gcostas a thabhaigh an duine árachaithe iarbhír agus féadfar a chur san áireamh leis an méid a bheadh le híoc ag an duine árachaithe dá mba rud é gur sa Bhallstát inniúil a seachadadh an chóireáil. C. Costais taistil agus fanachta mar chuid de chóireáil sceidealta a ghlanadh 8. I gcás ina bhforálfar le reachtaíocht náisiúnta na hinstitiúide inniúla d’aisíoc costas taistil agus costas fanachta atá doscartha ó chóireáil an duine árachaithe, gabhfaidh an institiúid seo uirthi féin na costais don duine lena mbaineann agus, más gá, do dhuine a chaithfidh é thionlacan, nuair a dheonófar údarú i gcás cóireála i mBallstát eile. D. Daoine den teaghlach 9. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 8 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach na ndaoine árachaithe.
|
|
Airteagal 27 Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
|
Airteagal 27 Sochair airgid maidir le héagumas chun oibre tráth fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil A. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an duine árachaithe 1. Má cheanglaítear le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil go dtíolacfaidh an duine árachaithe deimhniú chun bheith i dteideal na sochar airgid a bhaineann le héagumas chun oibre de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, iarrfaidh an duine árachaithe ar dhochtúir sin an Bhallstáit chónaithe a shuigh riocht a shláinte a éagumas chun oibre agus an fad is dóigh a mhairfidh sé a dheimhniú. 2. Seolfaidh an duine árachaithe an deimhniú chuig an institiúid inniúil laistigh den teorainn ama a leagtar síos le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil. 3. I gcás nach n-eisíonn na dochtúirí a sholáthraíonn an chóireáil i mBallstát an chónaithe deimhnithe ar éagumas chun oibre, agus i gcás ina gceanglaítear na deimhnithe sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit inniúil, déanfaidh an duine lena mbaineann iarratas a dhéanamh go díreach chuig institiúid na háite cónaithe. Socróidh an institiúid sin láithreach go ndéanfar measúnú liachta ar éagumas an duine sin chun oibre agus go ndéanfar an deimhniú dá dtagraítear i mír 1 a dhréachtú. Déanfar an deimhniú sin a chur ar aghaidh láithreach chuig an institiúid inniúil. 4. Ní dhíolmhóidh cur ar aghaidh an doiciméid dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 an duine árachaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí dá bhforáiltear leis an reachtaíocht is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann lena fhostóir. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an fostóir agus/nó an institiúid inniúil a iarraidh ar an bhfostaí páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí atá ceaptha chun spreagadh agus cabhair a thabhairt dó filleadh ar an bhfostaíocht. B. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid an Bhallstáit chónaithe 5. Ar an institiúid inniúil á iarraidh, déanfaidh insitiúid na háite cónaithe aon seiceálacha riaracháin is gá nó aon scrúduithe leighis is gá maidir leis an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht a chuireann an insitiúid sin is déanaí sin a luaitear i bhfeidhm. Tuarascáil an dochtúra a rinne an scrúdú a bhaineann go háirithe le ré dhóchúil an éagumais chun oibre, cuirfidh institiúid na háite cónaithe ar aghaidh gan mhoill í chuig an institiúid inniúil. C. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil 6. Coimeádfaidh an institiúid inniúil an ceart chun an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir arna roghnú aici féin. 7. Gan dochar don dara habairt d’Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, íocfaidh an institiúid inniúil na sochair airgid go díreach leis an duine lena mbaineann agus, más gá, cuirfidh sí institiúid na háite cónaithe ar an eolas maidir leis an méid sin. 8. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, beidh an luach dlí céanna ag sonraí deimhnithe um éagumas duine árachaithe chun oibre arna tharraingt suas i mBallstát eile ar bhonn chinntí liachta an dochtúra nó na hinstitiúide a rinne an scrúdú, agus atá ag an deimhniú arna tharraingt suas sa Bhallstát inniúil. 9. Má dhiúltaíonn an institiúid inniúil na sochair airgid, tabharfaidh sí fógra don duine árachaithe maidir lena cinneadh agus ag an am céanna tabharfaidh sí fógra d’institiúid na háite cónaithe. D. Nós imeachta i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil 10. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 9, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil.
|
|
Airteagal 28 Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil
|
Airteagal 28 Sochair chúraim fhadtéarmaigh in airgead tirim i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil A. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an duine árachaithe 1. Le go mbeidh an duine árachaithe i dteideal sochar cúraim fadtéarmach in airgid tirim de bhun Airteagal 21(1) den bhun-Rialachán, déanfaidh an duine árachaithe iarratas chuig an institiúid inniúil. Déanfaidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe a chur ar an eolas, i gcás inar gá. B. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid na háite cónaithe 2. Arna iarraidh sin don institiúid inniúil, scrúdóidh institiúid na háite cónaithe staid an duine árachaithe i ndáil leis an ngá atá aige le cúram fadtéarmach. Tabharfaidh an institiúid inniúil an fhaisnéis uile is gá don scrúdú sin d’institiúid na háite cónaithe. C. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil 3. D’fhonn go gcinnfidh sí an méid a bhfuil gá le cúram fadtéarmach, beidh sé de cheart ag an institiúid inniúil an duine árachaithe a chur faoi scrúdú ag dochtúir nó ag aon saineolaí eile arna roghnú aici féin. 4. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 27(7) den Rialachán cur chun feidhme. D. Nós imeachta i gcás fanachta nó cónaithe i mBallstát seachas an Ballstát inniúil 5. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 4, mutatis mutandis, nuair a bheidh an duine árachaithe ag fanacht i mBallstát seachas an Ballstát inniúil. E. Daoine den teaghlach 6. Beidh feidhm ag mír 1 go mír 5 mutatis mutandis maidir le daoine de theaghlach an duine árachaithe.
|
|
Airteagal 29 Airteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
|
Airteagal 29 Airteagal 28 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm Más rud é nach é an Ballstát arb ann is deireanaí a shaothraigh an t-iaroibrí teorann a ghníomhaíocht an Ballstát inniúil a thuilleadh, agus go dtaistealaíonn an t-iaroibrí teorann nó duine dá theaghlach ann chun sochair chomhchineáil a fháil de bhun Airteagal 28 den bhun-Rialachán, cuirfidh sé doiciméad arna eisiúint ag an institiúid inniúil faoi bhráid institiúid na háite fanachta.
|
|
Airteagal 30 Ranníocaí ó phinsinéirí
|
Airteagal 30 Ranníocaí ó phinsinéirí Má fhaigheann duine pinsean ó níos mó ná aon Bhallstát amháin, ní rachaidh méid na ranníocaíochtaí a aisbhaintear ó na pinsin uile a íocfar, in imthosca ar bith, thar an méid a aisbhaintear de dhuine a bhfuil an méid céanna pinsin á fháil aige ón mBallstát inniúil.
|
|
Airteagal 31 Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm
|
Airteagal 31 Airteagal 34 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm A. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag an institiúid inniúil 1. Cuirfidh an institiúid inniúil an duine lena mbaineann ar an eolas maidir leis an bhforáil atá in Airteagal 34 den bhun-Rialachán maidir le forluí sochar a chosc. Áiritheofar le cur i bhfeidhm na rialacha sin go mbeidh an duine nach bhfuil cónaí air sa Bhallstát inniúil i dteideal an méid iomláin chéanna nó an luacha chéanna ar a laghad a mbeadh sé ina theideal dá mbeadh cónaí air sa Bhallstát sin. 2. Cuirfidh an institiúid inniúil institiúid na háite cónaithe nó fanachta ar an eolas freisin faoi íoc sochar airgid cúraim fhadtéarmaigh i gcás ina bhforáiltear, leis an reachtaíocht a chuireann an institiúid sin i bhfeidhm, do na sochair chomhchineáil cúraim fhadtéarmaigh, a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 34(2) den bhun-Rialachán. B. An nós imeachta a bheidh le leanúint ag institiúid na háite cónaithe nó fanachta 3. Agus an fhaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 faighte aici, cuirfidh institiúid na háite cónaithe nó fanachta an institiúid inniúil ar an eolas gan mhoill faoi aon sochar cúraim fhadtéarmaigh comhchineáil atá beartaithe chun na críche céanna agus a dheonaítear faoina reachtaíocht don duine lena mbaineann agus faoin ráta aisíoca is infheidhme ina leith. 4. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin bearta cur chun feidhme a leagan síos don Airteagal seo i gcás inar gá sin.
|
|
Airteagal 32 Bearta speisialta cur chun feidhme
|
Airteagal 32 Bearta speisialta cur chun feidhme 1. Nuair a dhíolmhaítear duine nó grúpa daoine, arna iarraidh sin, ó árachas éigeantach breoiteachta agus nach bhfuil na daoine sin cumhdaithe dá bhrí sin ag scéim árachais bhreoiteachta a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir léi, ní thiocfaidh institiúid Ballstáit, de bharr an díolmhaithe seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar comhchineáil nó na sochar airgid a iompar a sholáthraítear do na daoine sin nó do dhaoine dá dteaghlach faoi Theideal III, Caibidil I, den bhun-Rialachán. 2. I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil I den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, ach a mhéid a shonraítear sna forálacha sin. Ní thiocfaidh institiúid Ballstáit eile, ar na forais seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar chomhchineáil nó na sochar airgid a sholáthraítear do na daoine sin nó do dhaoine dá dteaghlaigh. 3. Nuair a bheidh cónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus ar dhaoine dá dteaghlaigh i mBallstát nach bhfuil an ceart chun sochair chomhchineáil faoi réir coinníollacha árachais ann ná faoi réir gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, dlífidh siad costais iomlána na sochar comhchineáil a sholáthraítear ina dtír chónaithe a íoc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|