|
+Airteagal 32 Bearta speisialta cur chun feidhme ---+Article 32 1. ---+Article 32 2. ---+Article 32 3. |
Airteagal 32 Bearta speisialta cur chun feidhmeAirteagal 32 Bearta speisialta cur chun feidhme 1. Nuair a dhíolmhaítear duine nó grúpa daoine, arna iarraidh sin, ó árachas éigeantach breoiteachta agus nach bhfuil na daoine sin cumhdaithe dá bhrí sin ag scéim árachais bhreoiteachta a bhfuil feidhm ag an mbun-Rialachán maidir léi, ní thiocfaidh institiúid Ballstáit, de bharr an díolmhaithe seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar comhchineáil nó na sochar airgid a iompar a sholáthraítear do na daoine sin nó do dhaoine dá dteaghlach faoi Theideal III, Caibidil I, den bhun-Rialachán. 2. I gcás na mBallstát dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin de Theideal III, Caibidil I den bhun-Rialachán a bhaineann le sochair chomhchineáil maidir le daoine nach bhfuil i dteideal sochar comhchineáil ach ar bhonn scéime speisialta do státseirbhísigh, ach a mhéid a shonraítear sna forálacha sin. Ní thiocfaidh institiúid Ballstáit eile, ar na forais seo amháin, chun bheith freagrach as costais na sochar chomhchineáil nó na sochar airgid a sholáthraítear do na daoine sin nó do dhaoine dá dteaghlaigh. 3. Nuair a bheidh cónaí ar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus ar dhaoine dá dteaghlaigh i mBallstát nach bhfuil an ceart chun sochair chomhchineáil faoi réir coinníollacha árachais ann ná faoi réir gníomhaíochta mar dhuine fostaithe nó mar dhuine féinfhostaithe, dlífidh siad costais iomlána na sochar comhchineáil a sholáthraítear ina dtír chónaithe a íoc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|