|
+Airteagal 50 Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar ---+Article 50 1. ---+Article 50 2. ---+Article 50 3. |
Airteagal 50 Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí socharAirteagal 50 Tráthchodanna sealadacha agus réamhíocaíochtaí sochar 1. D’ainneoin Airteagal 7 den Rialachán cur chun feidhme, aon institiúid a shuífidh, tráth éileamh ar shochair a imscrúdú, go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal sochair neamhspleách faoin reachtaíocht infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 52(1)(a) den bhun-Rialachán, íocfaidh sí an sochar sin gan mhoill. Measfar gur íocaíocht shealadach í an íocaíocht sin más rud é go bhféadfadh toradh an nós imeachta imscrúdaithe difear a dhéanamh don mhéid. 2. Aon uair is léir ón bhfaisnéis a bhfuil teacht uirthi go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal íocaíochta ó institiúid faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán, déanfaidh an institiúid sin réamhíocaíocht, a mbeidh a méid chomh gar agus is féidir don mhéid is dóigh a íocfar faoi Airteagal 52(1)(b) den bhun-Rialachán. 3. Gach institiúid a bhfuil sé d’oibleagáid uirthi na sochair shealadacha nó an réamhíocaíocht faoi mhír 1 nó faoi mhír 2 a íoc, cuirfidh sí an t-éilitheoir ar an eolas gan mhoill, agus a aird á díriú go sonrach aici ar chineál sealadach an bhirt agus ar aon chearta achomhairc atá ann i gcomhréir lena reachtaíocht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|