+Airteagal 64 Modh ríofa na méideanna socraithe míosúla agus an méid shocraithe iomláin
---+Article 64 1.
---+Article 64 2.
---+Article 64 3.
---+Article 64 4.
---+Article 64 5.
---+Article 64 6.
---+Article 64 7.

Airteagal 64 Modh ríofa na méideanna socraithe míosúla agus an méid shocraithe iomláin

Airteagal 64

Modh ríofa na méideanna socraithe míosúla agus an méid shocraithe iomláin

1.  Do gach Ballstát creidmheasach, cinnfear an méid socraithe míosúil in aghaidh an duine (Fi) don bhliain féilire tríd an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi), agus é á mhiondealú de réir aoisghrúpa (i), a roinnt ar 12 agus trí laghdú (X) a chur i bhfeidhm ar an toradh i gcomhréir leis an bhfoirmle a leanas:

Fi = Yi *1/12*(1-X)

Inarb é:

— 
an t-innéacs (i = 1, 2 agus 3) na trí aoisghrúpa a úsáidtear chun na méideanna socraithe a ríomh:
i = 1: daoine faoi bhun 20 bliain d’aois
i = 2: daoine idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois
i = 3: daoine in aois 65 bliana agus os a cionn
— 
Yi an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine san aoisghrúpa i, mar a shainmhínítear i mír 2 é,
— 
an chomhéifeacht X (0,20 nó 0,15) an laghdú mar a shainmhínítear i mír 3 é;

2.  Gheofar an meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (Yi) in aoisghrúpa i tríd an gcaiteachas bliantúil ar na sochair chomhchineáil uile a sholáthraíonn institiúidí an Bhallstáit chreidmheasaigh do na daoine go léir atá san aoisghrúpa lena mbaineann, atá faoi réir a reachtaíochta agus atá ina gcónaí laistigh dá chríoch, a roinnt ar mheánlíon na ndaoine san aoisghrúpa sin. Bunófar an ríomh ar an gcaiteachas faoi na scéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán cur chun feidhme.

3.  Is ionann, i bprionsabal, an laghdú atá le cur i bhfeidhm ar an méid iomlán socraithe agus 20 % (X = 0,20). Is ionann agus 15 % a bheidh sé (X = 0,15) do phinsinéirí agus do dhaoine dá dteaghlach i gcás nach mbeidh an Ballstát inniúil liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an mbun-Rialachán.

4.  Do gach Ballstát creidmheasach, is éard a bheidh sa mhéid iomlán socraithe don bhliain féilire suim na n-iolrach a gheofar tríd an méid míosúil socraithe a cinneadh a iolrú i ngach aoisghrúpa faoi líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann isteach sa Bhallstát creidmheasach san aoisghrúpa sin.

Is éard a bheidh i líon na míonna a chuir na daoine lena mbaineann isteach sa Bhallstát creidmheasach suim na míonna féilire i mbliain féilire ina raibh na daoine lena mbaineann i dteideal sochair chomhchineáil a fháil ar chostas an Bhallstáit fhiachaigh, de bharr go raibh cónaí orthu i gcríoch an Bhallstáit chreidmheasaigh. Déanfar na míonna sin a chinneadh ó fhardal a choinneoidh institiúid na háite cónaithe chuige sin, a bheidh bunaithe ar fhianaise dhoiciméadach a sholáthróidh an institiúid inniúil maidir le teidlíocht na dtairbhithe.

5.  Tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2015, tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil shonrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo agus go háirithe maidir leis na laghdaithe dá dtagraítear in mír 3. Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún Riaracháin togra a thíolacadh ina mbeidh aon leasuithe a mbeidh gá leo d’fhonn a áirithiú go mbeidh ríomh na méideanna socraithe chomh gar agus is féidir don chaiteachas iarbhír a tabhaíodh agus nach mbeidh de thoradh ar na laghduithe dá dtagraítear in mír 3 go mbeadh íocaíochtaí neamhchothroma nó íocaíochtaí dúbailte ann do na Ballstáit.

6.  Leagfaidh an Coimisiún Riaracháin síos na modhanna lena gcinnfear na heilimintí lena ndéanfar na méideanna socraithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a ríomh.

7.  D’ainneoin mhíreanna 1 go 4, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’Airteagal 94 agus Airteagal 95 de Rialachán (CEE) Uimh. 574/72 a chur i bhfeidhm chun an méid socraithe a ríomh go dtí an 1 Bealtaine 2015 ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm an laghdú dá dtagraítear in mír 3.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 64 1.

For each creditor Member State, the monthly fixed amount per person (Fi) for a calendar year shall be determined by dividing the annual average cost per person (Yi), broken down by age group (i), by 12 and by applying a reduction (X) to the result in accordance with the following formula:

Fi = Yi*1/12*(1-X)

Where:

— 
the index (i = 1, 2 and 3) represents the three age groups used for calculating the fixed amounts:
i = 1: persons aged under 20,
i = 2: persons aged from 20 to 64,
i = 3: persons aged 65 and over,
— 
Yi represents the annual average cost per person in age group i, as defined in paragraph 2,
— 
the coefficient X (0,20 or 0,15) represents the reduction as defined in paragraph 3,
Article 64 2.
The annual average cost per person (Yi) in age group i shall be obtained by dividing the annual expenditure on all benefits in kind provided by the institutions of the creditor Member State to all persons in the age group concerned subject to its legislation and residing within its territory by the average number of persons concerned in that age group in the calendar year in question. The calculation shall be based on the expenditure under the schemes referred to in Article 23 of the implementing Regulation.
Article 64 3.
The reduction to be applied to the monthly fixed amount shall, in principle, be equal to 20 % (X = 0,20). It shall be equal to 15 % (X = 0,15) for pensioners and members of their family where the competent Member State is not listed in Annex IV to the basic Regulation.
Article 64 4.

For each debtor Member State, the total fixed amount for a calendar year shall be the sum of the products obtained by multiplying, in each age group i, the determined monthly fixed amounts per person by the number of months completed by the persons concerned in the creditor Member State in that age group.

The number of months completed by the persons concerned in the creditor Member State shall be the sum of the calendar months in a calendar year during which the persons concerned were, because of their residence in the territory of the creditor Member State, eligible to receive benefits in kind in that territory at the expense of the debtor Member State. Those months shall be determined from an inventory kept for that purpose by the institution of the place of residence, based on documentary evidence of the entitlement of the beneficiaries supplied by the competent institution.

Article 64 5.
No later than 1 May 2015, the Administrative Commission shall present a specific report on the application of this Article and in particular on the reductions referred to in paragraph 3. On the basis of that report, the Administrative Commission may present a proposal containing any amendments which may prove necessary in order to ensure that the calculation of fixed amounts comes as close as possible to the actual expenditure incurred and the reductions referred to in paragraph 3 do not result in unbalanced payments or double payments for the Member States.
Article 64 6.
The Administrative Commission shall establish the methods for determining the elements for calculating the fixed amounts referred to in paragraphs 1 to 5.
Article 64 7.
Notwithstanding paragraphs 1 to 4, Member States may continue to apply Articles 94 and 95 of Regulation (EEC) No 574/72 for the calculation of the fixed amount until 1 May 2015, provided that the reduction set out in paragraph 3 is applied.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.