|
+Airteagal 79 Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú ---+Article 79 1. ---+Article 79 2. |
Airteagal 79 Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhúAirteagal 79 Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú 1. I gcomhréir le hAirteagal 84(2) den bhun-Rialachán, aithneofar go díreach an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a ghnóthú agus déileálfar léi go huathoibríoch mar ionstraim lena gceadaítear éileamh de chuid Bhallstát an pháirtí iarrthaigh a fhorghníomhú. 2. D’ainneoin mhír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, féadfar glacadh leis an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a fhorghníomhú mar ionstraim lena n-údaraítear forghníomhú ar chríoch an Bhallstáit sin, nó féadfar í a aithint mar ionstraim den sórt sin, nó a fhorlíonadh nó a ionadú le hionstraim den sórt sin. Laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar ghnóthú, féachfaidh na húdaráis inniúla leis an nglacadh, an aithint, an bhforlíonadh nó an ionadú sin a chur i gcrích, ach amháin i gcásanna ina mbeidh feidhm ag an tríú fomhír den mhír seo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gníomhartha seo a dhiúltú más dréachtaithe mar is cuí atá an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon sárú ar an tréimhse trí mhí. I gcás ina n-eascróidh díospóid as aon cheann de na gníomhartha seo, i ndáil leis an éileamh agus/nó i ndáil leis an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú arna heisiúint ag an bpáirtí iarrthach, beidh feidhm ag Airteagal 81 den Rialachán cur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|