+Section 3 Recovery
---+Airteagal 75 Sainmhínithe agus forálacha coiteanna
------+Article 75 1.
------+Article 75 2.
------+Article 75 3.
---+Airteagal 76 Iarrataí ar fhaisnéis
------+Article 76 1.
------+Article 76 2.
------+Article 76 3.
------+Article 76 4.
---+Airteagal 77 Fógra
------+Article 77 1.
------+Article 77 2.
------+Article 77 3.
---+Airteagal 78 Iarraidh ar ghnóthú
------+Article 78 1.
------+Article 78 2.
------+Article 78 3.
------+Article 78 4.
------+Article 78 5.
---+Airteagal 79 Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú
------+Article 79 1.
------+Article 79 2.
---+Airteagal 80 Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí
------+Article 80 1.
------+Article 80 2.
---+Airteagal 81 Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú
------+Article 81 1.
------+Article 81 2.
------+Article 81 3.
------+Article 81 4.
---+Airteagal 82 Teorainneacha maidir le cúnamh
------+Article 82 1.
------+Article 82 2.
---+Airteagal 83 Tréimhsí teorann
------+Article 83 1.
------+Article 83 2.
---+Airteagal 84 Bearta réamhchúraim
---+Airteagal 85 Na costais a bhaineann le gnóthú
------+Article 85 1.
------+Article 85 2.
------+Article 85 3.
---+Airteagal 86 Clásal i dtaca le hathbhreithniú
------+Article 86 1.
------+Article 86 2.
------+Article 86 3.
|
Section 3 Recovery
Section 3 Recovery
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 75 Sainmhínithe agus forálacha coiteanna
|
Airteagal 75 Sainmhínithe agus forálacha coiteanna 1. Chun críocha na Roinne seo:
—
ciallaíonn ‘éileamh’ na héilimh uile a bhaineann le ranníocaíochtaí nó le sochair a íocadh nó a soláthraíodh gan a bheith dlite, lena n-áirítear ús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais eile ar fad a bhaineann leis an éileamh de réir reachtaíocht an Bhallstáit a dhéanann an t-éileamh,
—
ciallaíonn ‘páirtí iarrthach’ aon institiúid a dhéanann iarraidh ar fhaisnéis, ar fhógra nó ar ghnóthú maidir le héileamh, a shainmhínítear thuas,
—
ciallaíonn ‘páirtí iarrtha’ aon institiúid a ndéantar iarraidh ar fhaisnéis, ar fhógra nó ar ghnóthú chuici maidir le héileamh.
2. Aon iarrataí a dhéantar idir na Ballstáit, agus aon teachtaireachtaí a bhaineann leo, díreofar iad, go hiondúil, trí institiúidí a ainmneofar. 3. Maidir le bearta praiticiúla cur chun feidhme, lena n-áirítear, chomh maith le cinn eile, iad siúd a bhaineann le hAirteagal 4 den Rialachán cur chun feidhme agus le tairseach íosta a leagan síos do na méideanna ar féidir iarraidh ar ghnóthú a dhéanamh ina leith, glacfaidh an Coimisiún Riaracháin iad.
|
|
Airteagal 76 Iarrataí ar fhaisnéis
|
Airteagal 76 Iarrataí ar fhaisnéis 1. Arna iarraidh sin don pháirtí iarrthach, cuirfidh an páirtí iarrtha aon fhaisnéis ar fáil a bheadh úsáideach don pháirtí iarrthach chun a éileamh a ghnóthú. D’fhonn an fhaisnéis sin a fháil, bainfidh an páirtí iarrtha úsáid as na cumhachtaí a bhforáiltear dóibh faoi na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le héilimh den sórt sin a eascraíonn ina Bhallstát féin. 2. Sonrófar leis an iarraidh ar fhaisnéis ainm, an seoladh is deireanaí atá ar fáil agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannú an duine dlítheanaigh nó nádúrtha a mbaineann an fhaisnéis a chuirfear ar fáil leis, agus cineál agus méid an éilimh ar ina leith atá an iarraidh á déanamh. 3. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha faisnéis a chur ar fáil:
(a)
nach mbeadh sé ábalta rochtain a fháil uirthi chun éilimh den sórt sin a d’eascródh ina Bhallstát féin a ghnóthú;
(b)
trína sceithfí aon rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil; nó
(c)
ar dóigh go ndéanfadh a nochtadh dochar do shlándáil an Bhallstáit nó ar dóigh go rachadh a nochtadh i gcoinne bheartais phoiblí an Bhallstáit.
4. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon diúltú d’iarraidh ar fhaisnéis.
|
|
Airteagal 77 Fógra
|
Airteagal 77 Fógra 1. Ar na iarraidh sin don pháirtí iarrthach, tabharfaidh an páirtí iarrtha fógra don seolaí, i gcomhréir leis na rialacha dlí atá i bhfeidhm maidir le fógraí faoi ionstraimí nó cinntí den sórt sin ina Bhallstát féin, faoi na hionstraimí uile agus faoi na cinntí uile, lena n-áirítear ionstraimí agus cinntí de chineál breithiúnach a thagann ó Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus a bhaineann le héileamh agus/nó lena ghnóthú. 2. Sonrófar leis an iarraidh ar fhógra ainm agus seoladh an tseolaí lena mbaineann agus aon fhaisnéis eile a bhaineann le céannú an tseolaí a mbeadh rochtain ag an bpáirtí iarrthach uirthi de ghnáth, cineál agus ábhar na hionstraime nó an chinnidh a bhfuil fógra le tabhairt faoi agus, más gá, ainm agus seoladh an fhiachóra agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an fhiachóra agus leis an éileamh lena mbaineann an ionstraim nó an cinneadh, agus aon fhaisnéis fhóinteach eile. 3. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas gan mhoill faoin mbeart a rinneadh mar thoradh ar a iarraidh ar fhógra agus, go háirithe, faoin dáta ar cuireadh an cinneadh nó an ionstraim ar aghaidh chuig an seolaí.
|
|
Airteagal 78 Iarraidh ar ghnóthú
|
Airteagal 78 Iarraidh ar ghnóthú 1. Iarraidh chun éileamh a ghnóthú a sheolann an páirtí iarrthach chuig an páirtí iarrtha, tionlacfar í le cóip oifigiúil nó le cóip dheimhnithe den ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh agus, más iomchuí, le bunchóip nó cóip dheimhnithe de na doiciméid eile is gá don ghnóthú. 2. Ní fhéadfaidh an páirtí iarrthach iarraidh a dhéanamh ar ghnóthú ach amháin:
(a)
i gcás nach bhfuil an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú á gconspóid ina Bhallstát féin, seachas i gcásanna ina bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 81(2) den Rialachán cur chun feidhme á chur i bhfeidhm;
(b)
má tá nósanna imeachta iomchuí um ghnóthú atá ar fáil dó ar bhonn na hionstraime dá dtagraítear i mír 1 curtha i bhfeidhm ina Bhallstát féin aige, agus nach mbeidh íocaíocht an éilimh ina iomláine i gceist mar thoradh ar na bearta a rinneadh;
(c)
mura bhfuil tréimhse na dteorainneacha, i gcomhréir lena reachtaíocht féin, tar éis dul in éag.
3. Sonrófar san iarraidh ar ghnóthú an méid seo a leanas:
(a)
ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh lena mbaineann agus/nó leis an tríú páirtí a bhfuil a shócmhainní nó a sócmhainní ina seilbh aige;
(b)
ainm, seoladh agus aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an pháirtí iarrthaigh;
(c)
tagairt don ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú, arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;
(d)
nádúr agus méid an éilimh, lena n-áirítear an phríomhshuim, an t-ús, fíneálacha, pionóis riaracháin agus na muirir agus na costais ar fad eile atá dlite agus iad á sonrú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrthaigh agus in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha;
(e)
an dáta ar thug an páirtí iarrthach agus/nó an páirtí iarrtha fógra faoin ionstraim don seolaí;
(f)
an dáta ónar féidir agus an tréimhse inar féidir forghníomhú a dhéanamh faoi na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh;
(g)
aon fhaisnéis ábhartha eile.
4. Beidh dearbhú ón bpáirtí iarrthach san iarraidh ar ghnóthú freisin, lena ndaingnítear gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2. 5. Cuirfidh an páirtí iarrthach aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an ábhar ba chúis leis an iarraidh ar ghnóthú ar aghaidh chuig an páirtí iarrtha, a luaithe a thiocfaidh an fhaisnéis sin ar a iúl.
|
|
Airteagal 79 Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú
|
Airteagal 79 Ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú 1. I gcomhréir le hAirteagal 84(2) den bhun-Rialachán, aithneofar go díreach an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a ghnóthú agus déileálfar léi go huathoibríoch mar ionstraim lena gceadaítear éileamh de chuid Bhallstát an pháirtí iarrthaigh a fhorghníomhú. 2. D’ainneoin mhír 1, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, féadfar glacadh leis an ionstraim lena gceadaítear an t-éileamh a fhorghníomhú mar ionstraim lena n-údaraítear forghníomhú ar chríoch an Bhallstáit sin, nó féadfar í a aithint mar ionstraim den sórt sin, nó a fhorlíonadh nó a ionadú le hionstraim den sórt sin. Laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an iarraidh ar ghnóthú, féachfaidh na húdaráis inniúla leis an nglacadh, an aithint, an bhforlíonadh nó an ionadú sin a chur i gcrích, ach amháin i gcásanna ina mbeidh feidhm ag an tríú fomhír den mhír seo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gníomhartha seo a dhiúltú más dréachtaithe mar is cuí atá an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin údar a bheidh le haon sárú ar an tréimhse trí mhí. I gcás ina n-eascróidh díospóid as aon cheann de na gníomhartha seo, i ndáil leis an éileamh agus/nó i ndáil leis an ionstraim lena gceadaítear forghníomhú arna heisiúint ag an bpáirtí iarrthach, beidh feidhm ag Airteagal 81 den Rialachán cur chun feidhme.
|
|
Airteagal 80 Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí
|
Airteagal 80 Socruithe íocaíochta agus na spriocdhátaí 1. Déanfar éilimh a ghnóthú in airgeadra Bhallstát an pháirtí iarrtha. Tarchuirfidh an páirtí iarrtha méid iomlán an éilimh a ghnóthaíonn an páirtí iarrtha chuig an bpáirtí iarrthach. 2. I gcás ina gceadóidh na dlíthe, na rialacháin nó na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin amhlaidh, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an bpáirtí iarrthach, féadfaidh an páirtí iarrtha am breise a thabhairt don fhiachóir chun an t-éileamh a íoc nó féadfaidh sé íocaíocht i dtráthchodanna a údarú. Aon ús a ghearrfaidh an páirtí iarrtha i leith an ama bhreise sin don íocaíocht, tarchuirfear chuig an bpáirtí iarrthach é freisin. Ón dáta a n-aithneofar, go díreach, an ionstraim lena gceadaítear an gnóthú a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 79(1) den Rialachán cur chun feidhme, nó ón dáta a nglacfar léi, a n-aithneofar í, a bhforlíonfar í nó a n-ionadófar í i gcomhréir le hAirteagal 79(2) den Rialachán cur chun feidhme, gearrfar ús as íocaíocht dhéanach faoi na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha agus tarchuifear an t-ús sin freisin chuig an bpáirtí iarrthach.
|
|
Airteagal 81 Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú
|
Airteagal 81 Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú 1. Más rud é, i gcúrsa an nós imeachta um ghnóthú, go gconspóideann páirtí leasmhar an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, déanfaidh an páirtí sin an chaingean a thabhairt os comhair údarás inniúil Bhallstát an pháirtí iarrthaigh, i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin. Tabharfaidh an páirtí iarrthach fógra don pháirtí iarrtha faoin mbeart seo gan mhoill. Féadfaidh an páirtí leasmhar an páirtí iarrtha a chur ar an eolas faoin gcaingean seo freisin. 2. A luaithe a gheobhaidh an páirtí iarrtha an fógra nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ón bpáirtí iarrthach nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorghníomhú ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás atá inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí iarrthach a mhalairt i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Má mheasann an páirtí iarrtha gur gá sin, agus gan dochar d’Airteagal 84 den bhun-Rialachán, féadfaidh sé bearta réamhchúraim a ghlacadh chun gnóthú a áirithiú a mhéid a cheadaíonn na rialacha nó na rialacháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin na bearta sin i gcás éileamh den tsamhail chéanna. D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin agus leis na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin, féadfaidh an páirtí iarrthach a iarraidh ar an bpáirtí iarrtha go ngnóthóidh sé éileamh atá á chonspóid, a mhéid a cheadaítear é sin leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha. Má shocraítear an conspóid i bhfabhar an fhiachóra, dlífear ar an bpáirtí iarrthach aon suimeanna a gnóthaíodh a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha. 3. I gcás ina mbainfidh an chonspóid le bearta forghníomhaithe a rinneadh i mBallstát an pháirtí iarrtha, tabharfar an chaingean os comhair údarás iomchuí an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin. 4. I gcás inar binse breithiúnach nó riaracháin a bheidh san údarás iomchuí a dtugtar caingean os a chomhair i gcomhréir le mír 1, a mhéid atá cinneadh an bhinse sin fabhrach don pháirtí iarrthach agus má cheadaíonn sé gnóthú an éilimh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, is ionann an cinneadh sin agus an ‘ionstraim lena gceadaítear forghníomhú’ de réir bhrí Airteagal 78 agus de réir bhrí Airteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme agus rachaidh gnóthú an éilimh ar aghaidh ar bhonn an chinnidh sin.
|
|
Airteagal 82 Teorainneacha maidir le cúnamh
|
Airteagal 82 Teorainneacha maidir le cúnamh 1. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpáirtí iarrtha:
(a)
an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 78 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú más rud é, de bharr staid an fhiachóra, go gcothódh gnóthú an éilimh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha nó sóisialacha i mBallstát an pháirtí iarrtha, a mhéid a cheadaíonn dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha beart den sórt sin i gcás éileamh náisiúnta den tsamhail chéanna;
(b)
an cúnamh dá bhforáiltear in Airteagail 76 go 81 den Rialachán cur chun feidhme a dheonú, má tá feidhm ag an iarraidh thosaigh faoi Airteagal 76 go hAirteagal 78 den Rialachán cur chun feidhme maidir le héilimh níos sine ná cúig bliana d’aois, ón nóiméad ar bunaíodh an ionstraim lena gceadaítear gnóthú i gcomhréir le dlíthe, rialacháin nó cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh ar dháta na hiarrata. Ar a shon sin, má dhéantar an t-éileamh nó an ionstraim a chonspóid, tosaíonn an teorainn ama an nóiméad a shuíonn an Ballstát an pháirtí iarrthaigh nach féidir an t-éileamh nó an t-ordú um fhorghníomhú a cheadaíonn gnóthú a chonspóid a thuilleadh.
2. Cuirfidh an páirtí iarrtha an páirtí iarrthach ar an eolas faoin gcúis ar diúltaíodh iarraidh ar chúnamh.
|
|
Airteagal 83 Tréimhsí teorann
|
Airteagal 83 Tréimhsí teorann 1. Rialófar ceisteanna a bhaineann le tréimhsí teorann mar a leanas:
(a)
leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, a mhéid a bhaineann siad leis an éileamh agus/nó leis an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú; agus
(b)
leis na dlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha, a mhéid a bhaineann siad leis na bearta um fhorghníomhú sa Bhallstát iarrtha.
Tosóidh tréimhsí teorann de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha ón dáta aitheantais dhírigh nó ón dáta glactha, aitheantais, forlíonta nó ionadaíochta i gcomhréir le hAirteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme. 2. Maidir le bearta arna nglacadh ag an bpáirtí iarrtha chun éilimh a ghnóthú de bhun iarrata ar chúnamh, a mbeadh d’éifeacht acu, dá ndéanfadh an páirtí iarrthach iad, an tréimhse teorann a fhionraí nó a bhriseadh de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, measfar gur glacadh iad sa Stát is déanaí atá luaite, a mhéid a bhaineann sé leis an éifeacht sin.
|
|
Airteagal 84 Bearta réamhchúraim
|
Airteagal 84 Bearta réamhchúraim Ar iarraidh réasúnaithe ón bpáirtí iarrthach, glacfaidh an páirtí iarrtha bearta réamhchúraim chun gnóthú an éilimh a áirithiú a mhéid a cheadóidh na dlíthe agus na rialacháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha amhlaidh. Chun críocha chur i bhfeidhm na chéad mhíre, beidh feidhm mutatis mutandis ag na forálacha agus ag na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagail 78, 79, 81 agus 82 den Rialachán cur chun feidhme.
|
|
Airteagal 85 Na costais a bhaineann le gnóthú
|
Airteagal 85 Na costais a bhaineann le gnóthú 1. Gnóthóidh an páirtí iarrtha ón duine nadúrtha nó dlítheanach lena mbaineann agus coinneoidh sé aon chostais a bheidh ceangailte le gnóthú a thabhaítear, i gcomhréir le dlíthe agus le rialacháin Bhallstát an pháirtí iarrtha a bhfuil feidhm acu maidir le héilimh den tsamhail chéanna. 2. De ghnáth, beidh cúnamh frithpháirteach a thugtar faoin Roinn seo saor in aisce. I gcás ina gcothóidh gnóthú fadhb shonrach nó ina mbainfidh sé le méid mór i gcostais, áfach, féadfaidh na páirtithe iarrthacha agus na páirtithe iarrtha socruithe maidir le haisíoc a chomhaontú a bhaineann go sonrach leis na cásanna a bheidh i gceist. 3. Leanfaidh Ballstát an pháirtí iarrthaigh de bheith faoi dhliteanas Bhallstát an pháirtí iarrtha as aon chostais agus as aon chaillteanais arna dtabhú mar thoradh ar bhearta a measadh a bheith gan bhunús a mhéid a bhaineann le substaint an éilimh nó le bailíocht na hionstraime a d’eisigh an páirtí iarrthach.
|
|
Airteagal 86 Clásal i dtaca le hathbhreithniú
|
Airteagal 86 Clásal i dtaca le hathbhreithniú 1. Déanfaidh an Coimisiún Riaracháin, tráth nach déanaí ná an ceathrú bliain féilire iomlán tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin cur chun feidhme, tuarascáil chomparáideach a thíolacadh maidir leis na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála seo, tograí a thíolacadh chun na teorainneacha ama sin a athbhreithniú, ar tograí iad a mbeidh sé mar aidhm acu na teorainneacha ama sin a ghiorrú ar bhealach suntasach. 2. Trath nach déanaí ná an dáta dá a dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún Riaracháin measúnú ar rialacha maidir le comhshó tréimhsí atá leagtha amach in Airteagal d’fhonn na rialacha sin a shimpliú, más féidir. 3. Tráth nach déanaí ná an 1 Bealtaine 2015 tíolacfaidh an Coimisiún Riaracháin tuarascáil lena ndéanfar measúnú go sonrach ar chur i bhfeidhm Chaibidil I agus Chaibidil III de Theideal IV den Rialachán cur chun feidhme, go háirithe maidir leis na nósanna imeachta agus na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 67(2), (5) agus (6) den Rialachán cur chun feidhme agus maidir leis na nósanna imeachta um ghnóthú dá dtagraítear in Airteagail 75 go 85 den Rialachán cur chun feidhme. I bhfianaise na tuarascála seo, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, más gá, tograí iomchuí a thíolacadh chun na nósanna imeachta seo a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos cothromúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|