+Airteagal 81 Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú
---+Article 81 1.
---+Article 81 2.
---+Article 81 3.
---+Article 81 4.

Airteagal 81 Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú

Airteagal 81

Conspóid a bhaineann leis an éileamh nó conspóid na hionstraime lena gceadaítear a ghnóthú a fhorghníomhú agus conspóid a bhaineann leis na bearta um fhorghníomhú

1.  Más rud é, i gcúrsa an nós imeachta um ghnóthú, go gconspóideann páirtí leasmhar an t-éileamh agus/nó an ionstraim lena gceadaítear a fhorghníomhú arna heisiúint i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, déanfaidh an páirtí sin an chaingean a thabhairt os comhair údarás inniúil Bhallstát an pháirtí iarrthaigh, i gcomhréir leis na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhallstát sin. Tabharfaidh an páirtí iarrthach fógra don pháirtí iarrtha faoin mbeart seo gan mhoill. Féadfaidh an páirtí leasmhar an páirtí iarrtha a chur ar an eolas faoin gcaingean seo freisin.

2.  A luaithe a gheobhaidh an páirtí iarrtha an fógra nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ón bpáirtí iarrthach nó ón bpáirtí leasmhar, cuirfidh sé an nós imeachta um fhorghníomhú ar fionraí go dtí go ndéanfaidh an t-údarás atá inniúil san ábhar cinneadh, ach amháin má iarann an páirtí iarrthach a mhalairt i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo. Má mheasann an páirtí iarrtha gur gá sin, agus gan dochar d’Airteagal 84 den bhun-Rialachán, féadfaidh sé bearta réamhchúraim a ghlacadh chun gnóthú a áirithiú a mhéid a cheadaíonn na rialacha nó na rialacháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin na bearta sin i gcás éileamh den tsamhail chéanna.

D’ainneoin na chéad fhomhíre, i gcomhréir leis na dlíthe, leis na rialacháin agus leis na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm ina Bhallstát féin, féadfaidh an páirtí iarrthach a iarraidh ar an bpáirtí iarrtha go ngnóthóidh sé éileamh atá á chonspóid, a mhéid a cheadaítear é sin leis na dlíthe, na rialacháin agus na cleachtais riaracháin atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha. Má shocraítear an conspóid i bhfabhar an fhiachóra, dlífear ar an bpáirtí iarrthach aon suimeanna a gnóthaíodh a aisíoc, mar aon le haon chúiteamh a bheidh dlite, i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm i mBallstát an pháirtí iarrtha.

3.  I gcás ina mbainfidh an chonspóid le bearta forghníomhaithe a rinneadh i mBallstát an pháirtí iarrtha, tabharfar an chaingean os comhair údarás iomchuí an Bhallstáit sin i gcomhréir lena dhlíthe agus lena rialacháin.

4.  I gcás inar binse breithiúnach nó riaracháin a bheidh san údarás iomchuí a dtugtar caingean os a chomhair i gcomhréir le mír 1, a mhéid atá cinneadh an bhinse sin fabhrach don pháirtí iarrthach agus má cheadaíonn sé gnóthú an éilimh i mBallstát an pháirtí iarrthaigh, is ionann an cinneadh sin agus an ‘ionstraim lena gceadaítear forghníomhú’ de réir bhrí Airteagal 78 agus de réir bhrí Airteagal 79 den Rialachán cur chun feidhme agus rachaidh gnóthú an éilimh ar aghaidh ar bhonn an chinnidh sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 81 1.
If, in the course of the recovery procedure, the claim and/or the instrument permitting its enforcement issued in the Member State of the applicant party are contested by an interested party, the action shall be brought by this party before the appropriate authorities of the Member State of the applicant party, in accordance with the laws in force in that Member State. The applicant party shall without delay notify the requested party of this action. The interested party may also inform the requested party of the action.
Article 81 2.

As soon as the requested party has received the notification or information referred to in paragraph 1 either from the applicant party or from the interested party, it shall suspend the enforcement procedure pending the decision of the appropriate authority in the matter, unless the applicant party requests otherwise in accordance with the second subparagraph of this paragraph. Should the requested party deem it necessary, and without prejudice to Article 84 of the implementing Regulation, it may take precautionary measures to guarantee recovery insofar as the laws or regulations in force in its own Member State allow such action for similar claims.

Notwithstanding the first subparagraph, the applicant party may, in accordance with the laws, regulations and administrative practices in force in its own Member State, request the requested party to recover a contested claim, in so far as the relevant laws, regulations and administrative practices in force in the requested party’s Member State allow such action. If the result of the contestation is subsequently favourable to the debtor, the applicant party shall be liable for the reimbursement of any sums recovered, together with any compensation due, in accordance with the legislation in force in the requested party’s Member State.

Article 81 3.
Where the contestation concerns enforcement measures taken in the Member State of the requested party, the action shall be brought before the appropriate authority of that Member State in accordance with its laws and regulations.
Article 81 4.
Where the appropriate authority before which the action is brought in accordance with paragraph 1 is a judicial or administrative tribunal, the decision of that tribunal, insofar as it is favourable to the applicant party and permits recovery of the claim in the Member State of the applicant party, shall constitute the ‘instrument permitting enforcement’ within the meaning of Articles 78 and 79 of the implementing Regulation and the recovery of the claim shall proceed on the basis of that decision.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0987
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.