+CAIBIDIL I Forálacha ginearálta
---+Airteagal 1 Ábhar, cuspóirí agus raon feidhme
------+Airteagal 1 1.
------+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
|
CAIBIDIL I Forálacha ginearálta
CAIBIDIL I Forálacha ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar, cuspóirí agus raon feidhme
|
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, i dteannta na sainmhínithe i Rialacháin (CE) Uimh. 715/2009, (AE) 2018/1999, (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 agus i dTreoracha 2009/73/CE, (AE) 2018/2001 (
1
) agus (AE) 2019/944, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “bonneagar fuinnimh” aon trealamh fisiceach nó saoráid fhisiceach a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh agus atá lonnaithe san Aontas, nó a nascann an tAontas le tríú tír amháin nó níos mó;
(2)
ciallaíonn “scrogaill bonneagair fuinnimh” srianadh ar shreafaí fisiceacha i gcóras fuinnimh mar gheall ar acmhainneacht neamhleor tarchurtha, lena n-áirítear inter alia easpa bonneagair;
(3)
ciallaíonn “cinneadh cuimsitheach” an cinneadh nó an tsraith cinntí a ghlacann údarás Ballstáit nó údaráis Bhallstáit, gan cúirteanna ná binsí a chur san áireamh, lena gcinntear cibé acu a údaraítear nó nach n-údaraítear do thionscnóir tionscadail bonneagar fuinnimh a thógáil chun tionscadal leasa choitinn nó tionscadal comhleasa a bhaint amach trína bheith ábalta tús a chur leis na hoibreacha tógála nó iad a sholáthar agus tús a chur leo (céim “réidh le tógáil”) gan dochar d’aon chinneadh arna nglacadh i gcomhthéacs nós imeachta achomhairc riaracháin;
(4)
ciallaíonn “tionscadal” ceann amháin nó níos mó de línte, de phíblínte, de shaoráidí, de threalamh nó de shuiteálacha a thagann faoi na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(5)
ciallaíonn “tionscadal leasa choitinn” tionscadal a bhfuil gá leis chun na conairí agus réimsí tosaíochta maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme agus atá ar liosta an Aontais;
(6)
ciallaíonn “tionscadal comhleasa” tionscadal a chuireann an tAontas chun cinn i gcomhar le tríú tíortha de bhun litreacha tacaíochta ó rialtais na dtíortha a ndéantar difear dóibh go díreach nó de bhun comhaontuithe neamhcheangailteacha eile, a thagann faoi cheann amháin de na catagóirí bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe 1(a) nó (f), pointe 3(a), nó pointe 5(a) nó (c) d’Iarscríbhinn II, a rannchuidíonn le spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus lena chuspóir aeráidneodrachta do 2050 agus atá ar liosta an Aontais;
(7)
ciallaíonn “tionscadail iomaíocha” tionscadail lena dtugtar aghaidh, go hiomlán nó i bpáirt, ar an mbearna chéanna a aithnítear sa bhonneagar nó ar an riachtanas bonneagair réigiúnach céanna;
(8)
ciallaíonn “tionscnóir tionscadail” ceann díobh seo a leanas:
(a)
oibreoir córais tarchurtha (OCT), oibreoir córais dáileacháin (OCD) nó oibreoir nó infheisteoir eile a fhorbraíonn tionscadal atá ar liosta an Aontais;
(b)
i gcás inarb ann do níos mó ná OCT amháin den sórt sin, OCD amháin den sórt sin, oibreoir eile amháin den sórt sin nó infheisteoir eile amháin den sórt sin, nó aon ghrúpa díobh sin, an t-eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme a ndearnadh é a ainmniú trí shocrú conarthach eatarthu agus a bhfuil sé d’acmhainneacht aige oibleagáidí dlíthiúla a ghabháil air féin agus dliteanas airgeadais a glacadh chuige thar ceann na bpáirtithe sa socrú conarthach;
(9)
ciallaíonn “eangach chliste leictreachais” gréasán leictreachais, lena n-áirítear ar oileáin nach bhfuil idirnasctha leis na gréasáin fuinnimh tras-Eorpacha, nó nach bhfuil nasctha go leordhóthanach leo, a chumasaíonn comhtháthú ar bhealach costéifeachtach agus rialú gníomhach ar iompar agus gníomaíochtaí gach úsáideora atá nasctha leis, lena n-áirítear gineadóirí, tomhaltóirí agus táirgeoirí is tomhaltóirí, chun córas cumhachta inbhuanaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú ag a bhfuil caillteanais ísle agus ardleibhéil comhtháthaithe foinsí in-athnuaite, slándála soláthair agus sabháilteacha, agus ar gréasán é inar féidir le hoibreoir na heangaí faireachán a dhéanamh go digiteach ar ghníomhaíochtaí na n-úsáideoirí atá nasctha leis, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun cumarsáid a dhéanamh le hoibreoirí eangaí, gineadóirí, saoráidí stórála fuinnimh agus tomhaltóirí nó táirgeoirí is tomhaltóirí atá nasctha leis, d’fhonn leictreachas a tharchur agus a dháileadh ar bhealach inbhuanaithe, costéifeachtach agus slán;
(10)
ciallaíonn “eangach chliste gháis” gréasán gáis a bhaineann úsáid as réitigh dhigiteacha agus nuálacha chun iolrachas foinsí gáis ísealcharbóin agus foinsí gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú ar bhealach costéifeachtach i gcomhréir le riachtanais tomhaltóirí agus ceanglais cháilíochta gáis chun lorg carbóin an ídithe gáis ghaolmhair a laghdú, sciar méadaithe de gháis in-athnuaite ísealcharbóin a éascú, agus naisc le hiompróirí fuinnimh eile agus le hearnálacha fuinnimh eile a chruthú, lena n-áirítear na huasghráduithe fisiceacha gaolmhara má tá siad fíor-riachtanach d’fheidhmiú an trealaimh agus na suiteálacha chun gáis ísealcharbóin agus gáis atá in-athnuaite go háirithe a chomhtháthú;
(11)
ciallaíonn “údarás lena mbaineann” údarás atá inniúil, faoin dlí náisiúnta, ceadanna agus údaruithe éagsúla a eisiúint a bhaineann le pleanáil, dearadh agus tógáil sócmhainní dochorraithe, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh;
(12)
ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE nó údarás rialála ar an leibhéal náisiúnta arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 57 de Threoir (AE) 2019/944;
(13)
ciallaíonn “údaráis rialála náisiúnta ábhartha” an t-údaráis rialála náisiúnta sna Ballstáit a bhfuil na tionscadail á n-óstáil acu agus i mBallstáit ar a bhfuil tionchar dearfach suntasach ag an tionscadal;
(14)
ciallaíonn “oibreacha” ceannach, soláthar agus úsáid comhpháirteanna, córas agus seirbhísí lena n-áirítear bogearraí, cur i gcrích gníomhaíochtaí forbartha, athraithe cuspóra, tógála agus suiteála a bhaineann le tionscadal, glacadh le suiteálacha agus seoladh tionscadail;
(15)
ciallaíonn “staidéir” gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo chun cur chun feidhme tionscadail a ullmhú, amhail staidéir ullmhúcháin, féidearthachta, mheastóireachta, thástála agus bhailíochtaithe, lena n-áirítear bogearraí, agus aon bheart tacaíochta teicniúla eile lena n-áirítear réamhghníomhaíocht chun tionscadal a shainiú agus a fhorbairt agus chun cinneadh a dhéanamh maidir lena mhaoiniú, amhail réamhshuirbhéireacht na suíomhanna lena mbaineann agus ullmhú an phacáiste airgeadais;
(16)
ciallaíonn “coimisiúnú” an próiseas a bhaineann le tionscadal a chur i mbun oibríochta ó uair a thógtha;
(17)
ciallaíonn “sócmhainní atá tiomnaithe don hidrigin” bonneagar atá réidh le glacadh le hidirgin íon gan tuilleadh oibreacha oiriúnaithe, lena n-áirítear gréasáin phíblíne nó saoráidí stórála atá nuathógtha, sócmhainní gáis nádúrtha ar athraíodh a gcuspóir chun gréasáin phíblíne nó saoráidí stórála a dhéanamh díobh, nó an dá rud;
(18)
ciallaíonn “athrú cuspóra” bonneagar gáis nádúrtha atá ann cheana a uasghrádú go teicniúil nó a mhodhnú chun a áirithiú go bhfuil sé tiomnaithe le haghaidh úsáid hidrigine íne;
(19)
ciallaíonn “oiriúnú don athrú aeráide” próiseas lena n-áirithítear go mbaintear amach athléimneach an bhonneagair fuinnimh i gcoinne dhrochthionchair fhéideartha an athraithe aeráide trí mheasúnú leochaileachta agus riosca a dhéanamh maidir leis an aeráid, lena n-áirítear trí bhearta ábhartha oiriúnúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|