|
+Airteagal 3 4. |
Airteagal 3 4.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán seo chun liosta an Aontais a bhunú, faoi réir an dara mír d’Airteagal 172 CFAE. Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar liosta an Aontais a bhunú gach 2 bhliain ar bhonn na liostaí réigiúnacha a ghlacann comhlachtaí cinnteoireachta na nGrúpaí arna mbunú de bhun Roinn 1, pointe(1), d’Iarscríbhinn III, agus an nós imeachta a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo á leanúint. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe lena mbunaítear an chéad liosta de chuid an Aontais de bhun an Rialacháin seo faoin 30 Samhain 2023. Mura féidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun na míre seo teacht i bhfeidhm mar thoradh ar agóid arna cur in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 20(6), tionólfaidh an Coimisiún na Grúpaí láithreach chun liostaí réigiúnacha nua a tharraingt suas, agus na cúiseanna leis an agóid á gcur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe nua lena mbunaítear liosta an Aontais a luaithe is féidir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|