|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Le tionscadal comhleasa, comhlíonfar na critéir ghinearálta seo a leanas:
(a)
rannchuidíonn an tionscadal go suntasach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus le cuspóirí an tríú tír, go háirithe sa chaoi is nach gcuirtear bac ar acmhainneacht an tríú tír chun sócmhainní giniúna breosla iontaise dá hídiú intíre a chéimniú amach, agus le hinbhuanaitheacht, lena n-áirítear trí fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú isteach san eangach agus trí ghiniúint in-athnuaite a tharchur agus a dháileadh chuig mórionaid ídithe agus láithreáin stórála;
(b)
is mó tairbhí foriomlána féideartha an tionscadail ar leibhéal an Aontais, arna measúnú i gcomhréir leis na critéir shonracha ábhartha i mír 3, ná costais an tionscadail laistigh den Aontas, lena n-áirítear san fhadtéarma;
(c)
tá an tionscadal lonnaithe i gcríoch aon Bhallstáit amháin ar a laghad agus i gcríoch tríú tír amháin ar a laghad agus tá tionchar suntasach trasteorann aige mar a leagtar amach i bpointe (2) d’Iarscríbhinn IV;
(d)
maidir leis an gcuid atá lonnaithe i gcríoch an Bhallstáit, tá an tionscadal i gcomhréir le Treoracha 2009/73/CE agus (AE) 2019/944 i gcás ina dtagann sé faoi na catagóirí bonneagair a leagtar amach i bpointí (1) agus (3) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;
(e)
tá ardleibhéal cóineasaithe ann maidir le creat beartais an tríú tír nó na dtríú tíortha lena mbaineann agus léirítear sásraí forfheidhmiúcháin dlí chun tacú le cuspóirí beartais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(i)
margadh inmheánach fuinnimh a fheidhmíonn go maith;
(ii)
slándáil an tsoláthair bunaithe, inter alia, ar fhoinsí éagsúla, ar an gcomhar agus ar an dlúthpháirtíocht;
(iii)
córas fuinnimh, lena n-áirítear táirgeadh, tarchur agus dáileadh, ag bogadh i dtreo chuspóir na haeráidneodrachta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050, agus sceitheadh carbóin á sheachaint go háirithe;
(f)
tacaíonn an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann le stádas tosaíochta an tionscadail, mar a leagtar amach in Airteagal 7, agus tugann sí nó siad gealltanas go gcomhlíonfaidh sí nó siad amlíne le haghaidh cur chun feidhme brostaithe agus bearta tacaíochta beartais agus rialála eile, ar amlíne í atá comhchosúil leis an amlíne is infheidhme maidir le tionscadail leasa choitinn san Aontas. Maidir le tionscadail le haghaidh stóráil dé-ocsaíde carbóin a thagann faoin gcatagóir bonneagair fuinnimh a leagtar amach i bpointe (5)(c) d’Iarscríbhinn II, beidh gá leis an tionscadal chun iompar agus stóráil trasteorann dé-ocsaíde carbóin a cheadú agus beidh creat dlíthiúil leordhóthanach ag an tríú tír ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar creat é atá bunaithe ar shásraí forfheidhmiúcháin atá léirithe a bheith éifeachtach chun a áirithiú go mbeidh feidhm ag caighdeáin agus coimircí maidir leis an tionscadal, lena gcoiscfear aon sceitheadh dé-ocsaíde carbóin, agus a bhaineann leis an aeráid, le sláinte an duine agus le héiceachórais a mhéid a bhaineann le sábháilteacht agus éifeachtacht na stórála buaine dé-ocsaíd charbóin, ar caighdeáin agus coimircí iad atá ag an leibhéal céanna, ar a laghad, leis na cinn dá bhforáiltear le dlí an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|