+Airteagal 6 Comhordaitheoirí Eorpacha
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Airteagal 6 Comhordaitheoirí Eorpacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
I gcás ina mbaineann deacrachtaí suntasacha cur chun feidhme le tionscadal leasa choitinn, féadfaidh an Coimisiún comhordaitheoir Eorpach a ainmniú, i gcomhaontú leis na Ballstáit lena mbaineann, ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, a fhéadfar a athnuachan faoi dhó.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Déanfaidh an comhordaitheoir Eorpach an méid seo a leanas:
(a)
na tionscadail, ar ina leith a ainmníodh é nó í mar chomhordaitheoir Eorpach, agus an t-idirphlé trasteorann idir na tionscnóirí tionscadail agus gach geallsealbhóir lena mbaineann a chur chun cinn;
(b)
cúnamh a thabhairt do gach páirtí, de réir mar is gá, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí lena mbaineann, trí ródú malartach a phlé, i gcás inarb iomchuí, agus na ceadanna is gá a fháil do na tionscadail;
(c)
i gcás inarb iomchuí, comhairle a chur ar thionscnóirí tionscadail maidir leis an tionscadal a mhaoiniú;
(d)
a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an tacaíocht straitéiseach iomchuí agus an treoir straitéiseach iomchuí ar fáil le haghaidh ullmhú agus chur chun feidhme na dtionscadal;
(e)
gach bliain, agus, i gcás inarb iomchuí, ar chríochnú a sainordaithe dóibh, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le dul chun cinn na dtionscadal agus maidir le haon deacrachtaí agus bacainní ar dócha go gcuirfidh siad moill shuntasach ar dháta coimisiúnaithe na dtionscadal.
Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil ón gcomhordaitheoir Eorpach dá dtagraítear i bpointe (e) chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Grúpaí lena mbaineann.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Roghnófar an comhordaitheoir Eorpach tar éis próiseas oscailte, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach agus ar bhonn na taithí atá ag iarrthóir maidir leis na cúraimí sonracha a shannfar dó nó di i dtaca leis na tionscadail lena mbaineann.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Sa chinneadh lena n-ainmnítear an comhordaitheoir Eorpach, sonrófar na téarmaí tagartha, ina mionsonrófar fad tréimhse an tsainordaithe, na cúraimí sonracha agus na spriocdhátaí a ghabhann leo, agus an mhodheolaíocht atá le leanúint. Beidh an iarracht chomhordaithe comhréireach le castacht agus le costais mheasta na dtionscadal.
|
|
Airteagal 6 5.
|
Oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar iomlán leis an gcomhordaitheoir Eorpach le linn do na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a bheith á gcur i gcrích.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0869
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|