|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Laistigh de 6 mhí ón uair a fhormheasfar an tuarascáil ar chásanna comhpháirteacha de bhun Airteagal 12(6) agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH na tuarascálacha ar bhearnaí sa bhonneagar arna gcur i dtoll a chéile faoi chreat na bpleananna 10 mbliana uile-Aontais le haghaidh forbairt gréasáin. Agus measúnú á dhéanamh acu ar na bearnaí sa bhonneagar, déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH a n-anailís a bhunú ar na cásanna arna mbunú faoi Airteagal 12, cuirfidh siad bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh chun feidhme agus breithneoidh siad, ar bhonn tosaíochta, na roghanna malartacha ábhartha uile ar bhonneagar nua. Agus réitigh bhonneagair nua á mbreithniú, déanfar na costais ábhartha go léir, lena n-áirítear treisithe gréasáin, a chur i gcuntas sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar. Sa mheasúnú ar bhearnaí sa bhonneagar, díreofar go háirithe ar na bearnaí sin sa bhonneagar a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus do chomhlíonadh chuspóir aeráidneodrachta an Aontais do 2050. Sula bhfoilseoidh siad a dtuarascálacha faoi seach, seolfaidh ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus ENNOH próiseas comhairliúcháin forleathan lena mbainfidh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear eintiteas AE do OCDanna, comhlachais a bhfuil baint acu leis na margaí leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine, geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le téamh agus fuarú, gabháil agus stóráil carbóin, agus gabháil agus úsáid carbóin, comhbhailitheoirí neamhspleácha, oibreoirí freagartha ar éileamh, eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réitigh éifeachtúlachta fuinnimh, comhlachais tomhaltóirí fuinnimh, ionadaithe na sochaí sibhialta, an Ghníomhaireacht agus ionadaithe uile na mBallstát atá páirteach sna conairí tosaíochta ábhartha maidir le bonneagar fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|