D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, maidir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/564 ón gCoimisiún (
10
) , ina bhfuil an cúigiú liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn, agus maidir le hAirteagail 2 go 10, Airteagail 12, 13 agus 14, agus Iarscríbhinní I go IV agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu agus beidh éifeacht acu maidir leis na tionscadail leasa choitinn a áiríodh ar an gcúigiú liosta de chuid an Aontais go dtí go dtiocfaidh an chéad liosta de chuid an Aontais de thionscadail leasa choitinn agus de thionscadail chomhleasa arna bhunú de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm.