+Airteagal 12 Córais díchill chuí a bhunú agus a chothabháil, tuairisciú agus taifid a choimeád
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
---+Airteagal 12 5.

Airteagal 12 Córais díchill chuí a bhunú agus a chothabháil, tuairisciú agus taifid a choimeád

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 12 1.
Chun dícheall cuí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 8, cuirfidh oibreoirí creat nósanna imeachta agus beart ar bun agus coinneoidh siad cothrom le dáta é chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 3 leis na táirgí ábhartha a chuireann siad ar an margadh nó a onnmhairíonn siad (“córas an díchill chuí”).
Airteagal 12 2.
Déanfaidh oibreoirí athbhreithniú ar chóras an díchill chuí uair sa bhliain ar a laghad. I gcás ina dtagann oibreoirí ar an eolas faoi fhorbairtí nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chóras an díchill chuí, tabharfaidh siad córas an díchill chuí cothrom le dáta chun na forbairtí sin a chur san áireamh. Coimeádfaidh oibreoirí taifead ar nuashonruithe den sórt sin ar a gcórais díchill chuí ar feadh 5 bliana.
Airteagal 12 3.
Maidir le hoibreoirí nach dtagann faoi réim chatagóirí FBManna, lena n-áirítear micrifhiontar, nó daoine nádúrtha, déanfaidh siad tuairisciú poiblí maidir lena gcóras díchill chuí ar bhonn bliantúil, a fhorleithne agus is féidir é, lena n-áirítear ar an idirlíon, lena n-áirítear maidir leis na bearta a rinne siad chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh mar a leagtar amach in Airteagal 8 iad. Maidir le hoibreoirí atá faoi raon feidhme gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena leagtar síos ceanglais maidir le dícheall cuí i leith an tslabhra luacha, féadfaidh siad a n-oibleagáidí tuairisciúcháin a chomhlíonadh faoin mír seo tríd an bhfaisnéis a cheanglaítear a áireamh nuair atá an fhaisnéis á tuairisciú i gcomhthéacs na ngníomhartha dlí eile sin de chuid an Aontais.
Airteagal 12 4.

Gan dochar do reachtaíocht de chuid an Aontais maidir le cosaint sonraí, áireofar sna tuaraiscí dá dtagraítear i mír 3an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha:

(a) 

achoimre ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c);

(b) 

conclúidí an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 10 agus na bearta a rinneadh de bhun Airteagal 11 agus tuairisc ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise a fuarthas agus a úsáideadh chun an measúnú riosca a dhéanamh;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar phróiseas an chomhairliúcháin le pobail dhúchasacha, le pobail áitiúla agus le sealbhóirí eile ceart tionachta gnáiche nó leis na heagraíochtaí sochaí sibhialta atá i láthair i limistéar táirgthe na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha.

Airteagal 12 5.
Coimeádfaidh oibreoirí an doiciméadacht uile a bhaineann le dícheall cuí, amhail gach taifead, bearta agus nósanna imeachta de bhun Airteagal 8, ar feadh 5 bliana ar a laghad. Cuirfidh siad an doiciméadacht sin ar fáil do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.