+Airteagal 18 Seiceálacha ar oibreoirí
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
|
Airteagal 18 Seiceálacha ar oibreoirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Áireofar leis na seiceálacha ar oibreoirí:
(a)
scrúdú ar a gcóras díchill chuí, lena n-áirítear nósanna imeachta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca, agus ar dhoiciméadacht agus taifid lena léirítear dea-fheidhmiú chóras an díchill chuí;
(b)
scrúdú ar dhoiciméadacht agus ar thaifid lena léirítear go gcomhlíontar an Rialachán seo le táirge ábhartha sonrach, atá curtha ar an margadh ag an oibreoir, nó a bhfuil sé beartaithe aige nó aici é a chur ar an margadh, nó a d’onnmhairigh an t-oibreoir nó a bhfuil sé beartaithe aige nó aici é a onnmhairiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin birt mhaolaithe, mar aon le scrúdú ar na ráitis ábhartha maidir le dícheall cuí, nó, i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga, scrúdú ar an dearbhú simplithe ábhartha nó ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag na Ballstáit in aghaidh an oibreora sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Sna seiceálacha ar oibreoirí, i gcás inarb iomchuí, go háirithe i gcás inar ardaíodh ceisteanna leis na scrúduithe dá dtagraítear i mír 1, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh freisin:
(a)
scrúdú ar an láthair ar thráchtearraí ábhartha nó ar na táirgí ábhartha d’fhonn a shuíomh go gcomhfhreagraíonn siad do na doiciméadacht a úsáidtear chun dícheall cuí a fheidhmiú;
(b)
scrúdú ar bhearta ceartaitheacha a rinneadh faoi Airteagal 24;
(c)
aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leordhóthanach chun an speiceas nó an áit bheacht a chinneadh inar táirgeadh an tráchtearra nó táirge ábhartha, lena n-áirítear anailís anatamaíoch, cheimiceach nó DNA;
(d)
aon mhodh teicniúil agus eolaíoch atá leormhaith chun a chinneadh cibé acu atá na táirgí ábhartha gan dífhoraoisiú nó nach bhfuil, lena n-áirítear sonraí um fhaire na Cruinne amhail sonraí as clár Copernicus agus as a chuid uirlisí nó ó fhoinsí ábhartha eile atá ar fáil go poiblí nó go príobháideach; agus
(e)
seiceálacha ar an láthair, lena n-áirítear iniúchtaí allamuigh agus lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí i dtríú tíortha, ar choinníoll go n-aontóidh na tríú tíortha sin, trí chomhar le húdaráis riaracháin de chuid na dtríú tíortha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|