+Airteagal 24 Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
|
Airteagal 24 Gníomhaíocht cheartaitheach i gcás neamhchomhlíonta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Gan dochar d’Airteagal 25, i gcás ina suífidh údaráis inniúla nár chomhlíon oibreoir, oibreoir iartheachtach nó trádálaí an Rialachán seo nó go bhfuil táirge ábhartha a chuirtear nó a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear uaidh neamhchomhlíontach, cuirfidh siad de cheangal gan mhoill ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach nó ar an trádálaí sin gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí chomhréireach a dhéanamh chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh laistigh de thréimhse ama réasúnta shonraithe.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Chun críocha mhír 1, áireofar ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas leis an ngníomh ceartaitheach a cheanglófar ar an oibreoir, ar an oibreoir iartheachtach nó ar an trádálaí a dhéanamh, de réir mar is infheidhme:
(a)
aon neamhchomhlíonadh foirmiúil, go háirithe maidir le ceanglais Chaibidil 2, a chur ina cheart;
(b)
cosc a chur ar an táirge ábhartha a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó a onnmhairiú;
(c)
an táirge ábhartha a aistarraingt nó a aisghairm láithreach;
(d)
an táirge ábhartha a dheonú chun críocha carthanacha nó ar mhaithe le leas an phobail nó, murar féidir é sin a dhéanamh, é a dhiúscairt i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Gan beann ar an ngníomh ceartaitheach a rinneadh faoi mhír 2, tabharfaidh an t-oibreoir, an t-oibreoir iartheachtach nó an trádálaí aghaidh ar aon easnaimh sa chóras díchill chuí d’fhonn an riosca ar thuilleadh neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a chosc.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Má mhainníonn an t-oibreoir, an t-oibreoir iartheachtach nó an trádálaí gníomhaíocht cheartaitheach dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a shonróidh an t-údarás inniúil faoi mhír 1, nó i gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 ar aghaidh, tar éis na tréimhse ama sin cinnteoidh na húdaráis inniúla go bhfeidhmeofar an ghníomhaíocht cheartaitheach riachtanach dá dtagraítear i mír 2 ar gach uile bhealach a bheidh ar fáil dóibh faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|