+Airteagal 26 Rialuithe
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
---+Airteagal 26 8.
---+Airteagal 26 9.
---+Airteagal 26 10.

Airteagal 26 Rialuithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 26 1.
Beidh táirgí ábhartha a chuirtear faoin nós imeachta custaim “scaoileadh i saorchúrsaíocht” nó “onnmhairiú” faoi réir na rialuithe agus na mbeart a leagtar síos sa Chaibidil seo. Cuirtear an Chaibidil seo i bhfeidhm gan dochar d’aon fhoráil eile den Rialachán seo ná do gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialaítear earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Airteagail 46, 47, 134 agus 267 de. Ní bheidh feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le rialuithe ar tháirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh áfach, a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm agus le forfheidhmiú an Rialacháin seo.
Airteagal 26 2.
Beidh údaráis inniúla freagrach as forfheidhmiú foriomlán an Rialacháin seo maidir le táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as. Go háirithe, beidh na húdaráis inniúla freagrach, i gcomhréir le hAirteagal 16, as na seiceálacha atá le déanamh ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe a shainaithint agus as a shuí, trí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 16, cibé acu an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar Airteagal 3 le haon táirge ábhartha den sórt sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla na freagraíochtaí sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil 3.
Airteagal 26 3.
Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh údaráis chustaim rialuithe ar na dearbhuithe custaim arna dtaisceadh i ndáil le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as i gcomhréir le hAirteagail 46 agus 48 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Beidh rialuithe den sórt sin bunaithe go príomha ar anailís riosca, mar a shuitear in Airteagal 46(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Airteagal 26 4.
Déanfar uimhir thagartha an ráitis maidir le dícheall cuí nó an t-aitheantóir dearbhúcháin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga a chur ar fáil do na húdaráis chustaim sula ndéanfar táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó sula n-onnmhaireofar é. Chun na críche sin, seachas i gcás ina ndéanfar an ráiteas maidir le dícheall cuí a chur ar fáil tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(2), déanfaidh an duine a thaisceann an dearbhú custaim maidir le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú uimhir thagartha an ráitis díchill chuí nó an t-aitheantóir dearbhúcháin i gcás micrea-oibreoirí príomhúla nó oibreoirí príomhúla beaga a shanntar don táirge ábhartha sin a chur ar fáil d’údaráis chustaim. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le táirge ábhartha a onnmhairiú ag oibreoir iartheachtach.
Airteagal 26 5.

Chun comhlíonadh an Rialacháin seo maidir le cead a thabhairt i ndáil le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú a chur san áireamh:

(a) 

go dtí go mbeidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag míreanna 6 go 9 den Airteagal seo, agus malartóidh údaráis chustaim faisnéis le húdaráis inniúla agus comhoibreoidh siad leo i gcomhréir le hAirteagal 27, agus, i gcás inar gá sin, cuirfidh siad san áireamh an malartú faisnéise agus an comhar sin agus cead á thabhairt i ndáil le táirgí ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú;

(b) 

a luaithe a bheidh an comhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) i bhfeidhm, beidh feidhm ag míreanna 6 go 9 den Airteagal seo, agus tabharfar na fógraí agus déanfar na hiarrataí faoi mhíreanna 6 go 9 den Airteagal seo tríd an gcomhéadan leictreonach sin.

Airteagal 26 6.
Agus rialuithe á ndéanamh acu ar dhearbhaithe custaim maidir le táirge ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíochta nó a onnmhairiú, ar táirge é a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, scrúdóidh na húdaráis chustaim, tríd an gcomhéadan leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) a úsáid, an stádas a shanntar don ráiteas comhfhreagrach maidir le dícheall cuí ó na húdaráis inniúla sa chóras faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 33.
Airteagal 26 7.
I gcás ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh gur gá an táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, de bhun Airteagal 17(2), a sheiceáil sula gcuirtear ar an margadh é, nó sula n-onnmhairítear é, cuirfidh na húdaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú an táirge ábhartha sin ar fionraí.
Airteagal 26 8.

I gcás ina gcomhlíonfar gach ceanglas agus foirmiúlacht eile faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta a bhaineann le scaoileadh i saorchúrsaíocht nó le honnmhairiú, ceadóidh údaráis chustaim scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a) 

ina léirítear leis an stádas dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo gur sainaithníodh, de bhun Airteagal 17(2), gur gá an táirge ábhartha a sheiceáil sula gcuirtear nó sula gcuirtear ar fáil ar an margadh nó sula n-onnmhairítear uaidh é;

(b) 

cuireadh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú ar fionraí i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, agus níor iarr na húdaráis inniúla an fionraí a choimeád i gcomhréir le hAirteagal 17(3);

(c) 

cuireadh an scaoileadh i saorchúrsaíocht nó an t-onnmhairiú ar fionraí i gcomhréir le mír 7, agus inar thug na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis chustaim gur féidir an fionraí maidir leis na táirgí ábhartha a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó onnmhairiú curtha a bhaint.

Airteagal 26 9.
I gcás ina dtiocfaidh na húdaráis inniúla ar an gconclúid go bhfuil táirge ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, neamhchomhlíontach, tabharfaidh siad fógra dá réir do na húdaráis chustaim agus ní thabharfaidh na húdaráis chustaim cead an táirge ábhartha sin a scaoileadh i saorchúrsaíocht nó a onnmhairiú.
Airteagal 26 10.
Ní mheasfar gur cruthúnas ar chomhlíonadh dhlí an Aontais ná comhlíonadh an Rialacháin seo, go háirithe, é an scaoileadh i saorchúrsaíocht ná an t-onnmhairiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.