+Airteagal 29 Measúnú ar thíortha
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 2.
---+Airteagal 29 3.
---+Airteagal 29 4.
---+Airteagal 29 5.
---+Airteagal 29 6.
---+Airteagal 29 7.
---+Airteagal 29 8.
|
Airteagal 29 Measúnú ar thíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1.
|
Bunaítear leis an Rialachán seo córas trí-chiseal chun measúnú a dhéanamh ar thíortha nó ar chodanna díobh. Chun na críche sin, déanfar Ballstáit agus tríú tíortha, nó codanna díobh, a aicmiú i gceann de na catagóirí riosca seo a leanas:
(a)
tagraíonn “ardriosca”, do thíortha nó codanna díobh, inar sainaithníodh, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil ardriosca ann go dtáirgfear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a), ina leith;
(b)
tagraíonn “ísealriosca” do thíortha, nó codanna díobh, a meastar ina leith, de réir an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, go bhfuil dóthain muiníne ann gurb eisceachtúil iad na cásanna ina dtáirgtear sna tíortha sin nó i gcodanna díobh, tráchtearraí ábhartha nach gcomhlíonann na táirgí ábhartha Airteagal 3, pointe (a), ina leith;
(c)
tagraíonn “gnáthriosca” do thíortha nó codanna díobh, nach dtagann faoi chatagóir an “ardriosca” ná catagóir an “ísealriosca”.
|
|
Airteagal 29 2.
|
An 29 Meitheamh 2023, sannfar gnáthleibhéal riosca ar na tíortha uile. Déanfaidh an Coimisiún tíortha nó codanna díobh, a mbaineann riosca íseal nó ardriosca leo a aicmiú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an liosta de na tíortha nó codanna díobh a mbaineann ísealriosca nó ardriosca leo a fhoilsiú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh le glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2), tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025. Déanfar an liosta sin a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta más iomchuí, a mhinice is gá i gcás fianaise nua a bheith ann.
|
|
Airteagal 29 3.
|
Bunófar aicmiú na dtíortha ísealriosca agus ardriosca, nó codanna díobh, de bhun mhír 1 ar mheasúnú oibiachtúil trédhearcach arna dhéanamh ag an gCoimisiún, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí agus na foinsí a aithnítear go hidirnáisiúnta á gcur san áireamh. Bunófar an t-aicmiú go príomha ar na critéir mheasúnaithe seo a leanas:
(a)
ráta an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoisí;
(b)
ráta leathnaithe na talún talmhaíochta le haghaidh tráchtearraí ábhartha;
(c)
treochtaí táirgeachta maidir le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha.
|
|
Airteagal 29 4.
|
Sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, féadfar an méid seo a leanas a chur san áireamh freisin:
(a)
faisnéis arna tíolacadh ag an tír lena mbaineann, ag na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann, ag oibreoirí, ag ENRanna, agus ag tríú páirtithe, lena n-áirítear pobail dhúchasacha, ag pobail áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, maidir le cumhdach éifeachtach astaíochtaí agus aistrithe ón earnáil talmhaíochta, foraoiseachta agus ón úsáid talún sa rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide;
(b)
comhaontuithe agus ionstraimí eile idir an tír lena mbaineann agus an tAontas agus/nó a Bhallstáit lena dtugtar aghaidh ar an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí agus lena n-éascaítear comhlíonadh Airteagal 3 i dtaca le tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha agus cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin;
(c)
cibé acu atá nó nach bhfuil dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm ag an tír lena mbaineann, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, agus a ghlacann nó nach nglacann sí bearta éifeachtacha forfheidhmiúcháin chun dul i ngleic leis an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí, agus chun gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoisí a sheachaint agus pionóis a ghearradh orthu agus go háirithe cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear pionóis i bhfeidhm atá géar go leor chun na tairbhí a fhabhraítear as an dífhoraoisiú nó as an díghrádú foraoisí a bhaint;
(d)
cibé acu a chuireann nó nach gcuireann an tír lena mbaineann na sonraí ábhartha ar fáil go trédhearcach; agus, más infheidhme, dlíthe lena gcosnaítear cearta an duine, cearta na bpobal dúchasach, pobail áitiúla agus sealbhóirí eile gnáthcheart tionachta a bheith ann, a chomhlíonadh nó a fhorfheidhmiú go héifeachtach;
(e)
smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí na dtráchtearraí ábhartha agus na dtáirgí ábhartha.
|
|
Airteagal 29 5.
|
Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé sonrach leis na tíortha uile a aicmítear mar thíortha ardriosca, nó a bhfuil riosca ann go n-aicmeofar iad amhlaidh, agus é mar chuspóir a leibhéal riosca a laghdú.
|
|
Airteagal 29 6.
|
Gan dochar do mhír 5, tabharfaidh an Coimisiún fógra go foirmiúil don tír lena mbaineann go bhfuil sé beartaithe aige an tír sin nó cuid di a athaicmiú chuig catagóir riosca eile agus iarrfaidh sé uirthi aon fhaisnéis a mheasfar a bheith úsáideach ina leith a sholáthar. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas freisin faoi rún den sórt sin. Áireofaidh an Choimisiún an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:
(a)
an chúis nó na cúiseanna leis an rún aicmiú riosca na tíre nó codanna di a athrú;
(b)
an iarraidh ar fhreagra a thabhairt ar an gCoimisiún i scríbhinn maidir leis an rún aicmiú riosca na tíre nó codanna di a athrú;
(c)
na hiarmhairtí a bhaineann lena aicmiú mar thír ísealriosca nó ardriosca.
|
|
Airteagal 29 7.
|
Tabharfaidh an Coimisiún am leordhóthanach don tír lena mbaineann chun freagra a thabhairt ar an bhfógra. I gcás ina mbaineann an fógra le rún de chuid an Choimisiúin an tír nó cuid di a aicmiú mar thíortha nó cuid di lena mbaineann riosca níos airde, féadfaidh an tír lena mbaineann faisnéis a sholáthar don Choimisiún sa fhreagra uaithi maidir leis na bearta a ghlac sí chun an cás a leigheas.
|
|
Airteagal 29 8.
|
Tabharfaidh an Coimisiún fógra, gan mhoill, don tír lena mbaineann agus do na húdaráis inniúla faoi thír, nó codanna di, a áireamh leis an liosta dá dtagraítear i mír 2 nó a bhaint den liosta sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|