+Airteagal 34 Athbhreithniú
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 1a.
---+Airteagal 34 2.
|
Airteagal 34 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun Iarscríbhinn I a leasú maidir le cóid AC ábhartha na dtáirgí ábhartha a bhfuil tráchtearraí ábhartha iontu, a cothaíodh le tráchtearraí ábhartha nó ar úsáideadh tráchtearraí ábhartha lena ndéanamh.
|
|
Airteagal 34 1a.
|
Faoin 30 Aibreán 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú simplithe ar an Rialachán seo agus ar an mbonn sin, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Faoin 30 Meitheamh 2030 agus gach 5 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ginearálta ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach. Áireofar sa chéad cheann de na tuarascálacha meastóireacht ar an méid seo a leanas go háirithe, bunaithe ar staidéir shonracha:
(a)
an gá atá le tuilleadh uirlisí éascaithe trádála, agus a n-indéantacht – agus go háirithe do thíortha is lú forbairt a mbeidh tionchar mór ag an Rialachán seo orthu agus do thíortha nó codanna díobh a aicmíodh riosca caighdeánach nó ardriosca ina leith – chun tacú le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo;
(b)
tionchar an Rialacháin seo ar fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí beaga, Pobail Dhúchasacha agus pobail áitiúla agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann le tuilleadh tacaíochta le haghaidh an aistrithe chuig slabhraí soláthair inbhuanaithe agus d’fheirmeoirí beaga chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
(c)
síneadh breise a chur leis an sainmhíniú ar díghrádú foraoisí, ar bhonn mionanailíse, agus an dul chun cinn a rinneadh sa phlé idirnáisiúnta ar an ábhar sin á chur san áireamh;
(d)
an tairseach d’úsáid éigeantach polagán dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (28), agus an tionchar atá aici ar dhul i ngleic le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí á chur san áireamh;
(e)
athruithe ar phatrúin trádála na dtáirgí ábhartha agus na dtráchtearraí ábhartha a áirítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo nuair a d’fhéadfadh na hathruithe sin a léiriú gur teacht timpeall atá i gceist leo;
(f)
measúnú ar cibé acu a bhí nó nach raibh na seiceálacha a rinneadh éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagal 3 leis na tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a onnmhairítear;
(g)
leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chun coillearnach eile agus an scoithdháta dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (13) a chur san áireamh, d’fhonn rannchuidiú an Aontais le tiontú agus díghrádú éiceachóras nádúrtha a íoslaghdú;
(h)
leathnú féideartha raon feidhme an Rialacháin seo chuig éiceachórais nádúrtha eile, lena n-áirítear talamh eile ina bhfuil stoic mhóra charbóin agus lena mbaineann luach ard bithéagsúlachta, amhail féarthailte, tailte portaigh agus bogaigh;
(i)
tionchar na dtráchtearraí ábhartha ar dhífhoraoisiú agus ar dhíghrádú foraoisí, mar a léirítear le fianaise eolaíoch, agus athruithe ar thomhaltas á gcur san áireamh, lena n-áirítear an gá atá le raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig tráchtearraí breise, lena n-áirítear arbhar Indiach, agus a indéanta atá sé sin, agus an gá atá leis an liosta táirgí ábhartha a leasú nó a leathnú, lena n-áirítear an fhéidearthacht bithbhreoslaí a áireamh (cód CC 382600) in Iarscríbhinn I, agus a indéanta atá sé sin;
(j)
ról na n-institiúidí airgeadais maidir le cosc a chur ar shreafaí airgeadais lena rannchuidítear go díreach nó go hindíreach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoisí agus an gá atá le foráil a dhéanamh maidir le haon oibleagáid shonrach ar institiúidí airgeadais i ngníomhartha dlí de chuid an Aontais;
(k)
ról na n-oibreoirí iartheachtacha agus na dtrádálaithe maidir lena áirithiú go mbeidh slabhraí soláthair gan dífhoraoisiú agus go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach;
(l)
ról na micrea-oibreoirí príomhúla nó na n-oibreoirí príomhúla beaga maidir lena áirithiú go mbeidh an táirgeadh gan dífhoraoisiú agus go mbainfear cuspóirí an Rialacháin seo amach, agus an riosca a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himchéimniú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1115
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|