|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II Ráiteas maidir le dícheall cuí Faisnéis atá le háireamh sa ráiteas maidir le dícheall cuí i gcomhréir le hAirteagal 4(2):
1.
Ainm agus seoladh an oibreora agus, i gcás tráchtearraí ábhartha agus táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a chuirtear amach as, an uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI) i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
2.
Cód Córais Chomhchuibhithe, tuairisc saorthéacs, lena n-áirítear ainm trádála agus, i gcás inarb infheidhme, ainm eolaíoch iomlán, agus cainníocht, an táirge ábhartha a bheartaíonn an t-oibreoir a chur ar an margadh nó a onnmhairiú. Maidir le táirgí ábhartha a thugtar isteach sa mhargadh nó a cuirtear amach as ní mór an chainníocht a shloinneadh i gcileagraim de ghlanmhais, lena sonraítear meastachán céatadáin nó diall, agus, i gcás inarb infheidhme, san aonad forlíontach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 in aghaidh chód an Chórais Chomhchuibhithe atá léirithe freisin nó, i ngach cás eile, ní mór í a shloinneadh i nglanmhais lena sonrófar meastachán céatadánach nó diall nó, i gcás inarb infheidhme, glantoirt nó líon na n-ítimí. Beidh feidhm ag aonad forlíontach i gcás ina shaineofar go comhsheasmhach é le haghaidh gach fo-cheannteidil a d’fhéadfadh a bheith ann faoi chód an Chórais Chomhchuibhithe dá dtagraítear sa ráiteas maidir le dícheall cuí.
3.
An tír tháirgthe agus geoshuíomh gach plásóige talún inar táirgeadh na tráchtearraí ábhartha. Maidir le táirgí ábhartha a bhfuil eallach iontu nó ar úsáideadh eallach lena ndéanamh, agus maidir le táirgí ábhartha den sórt sin a cothaíodh le táirgí ábhartha, déanfaidh an geoshuíomh tagairt do gach bunaíocht inar coinníodh an t-eallach sin; maidir leis an táirge ábhartha a bhfuil tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla ann nó ar ar úsáideadh tráchtearraí a táirgeadh i ndáileachtaí talún éagsúla lena dhéanamh, áireofar geoshuíomh na ndáileachtaí talún go léir i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe(d). ▼M2 —————
5.
An téacs: “Agus an ráiteas seo maidir le dícheall cuí á thíolacadh, dearbhaíonn an t-oibreoir gur feidhmíodh dícheall cuí i gcomhréir le Rialachán (AE)2023/1115 agus nár aimsíodh aon riosca nó nár aimsíodh ach riosca diomaibhseach go bhfuil na táirgí ábhartha neamhchomhlíontach le hAirteagal 3, pointe (a) nó (b), den Rialachán sin.”.
6.
Síniú san fhormáid seo a leanas: “Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: Dáta: Ainm agus feidhm: Síniú:”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|