+Airteagal 6 Córais díchill chuí
---+Article 6 1.
---+Article 6 2.
---+Article 6 3.

Airteagal 6 Córais díchill chuí

Airteagal 6

Córais díchill chuí

1.  Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa chóras díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 4(2):

(a) bearta agus nósanna imeachta lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas maidir le soláthar an oibreora i ndáil le hadhmad nó táirgí adhmaid a chuirtear ar an margadh:

— tuairisc, lena n-áirítear an trádainm agus an cineál táirge, chomh maith le hainm coiteann an speicis crainn agus, i gcás inarb infheidhme, an t-ainm eolaíoch iomlán,

— tír na lománaíochta, agus i gcás inarb infheidhme:

—

 

i) an réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad; agus

ii) lamháltas na lománaíochta,

— cainníocht (arna sloinneadh i dtoirt, i meáchan nó i líon na n-aonad),

— ainm agus seoladh sholáthróir an oibreora,

— ainm agus seoladh an trádálaí dár soláthraíodh an t-adhmad agus na táirgí adhmaid,

— doiciméid nó faisnéis eile lena dtugtar léiriú ar chomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme i gcás an adhmaid sin agus na dtáirgí adhmaid sin;

(b) nósanna imeachta um measúnú riosca lena gcuirtear ar chumas an oibreora anailís agus measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh.

Déanfar an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe (a), chomh maith leis na critéir ábhartha um measúnú riosca, a chur san áireamh sna nósanna imeachta sin, lena n-áirítear:

— dearbhú maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme, ar dearbhú é a bhféadfadh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna eile arna bhfíorú ag tríú páirtí, ar scéimeanna iad lena gcumhdaítear comhlíonadh na reachtaíochta infheidhme, a bheith san áireamh ann,

— leitheadúlacht lománaíocht neamhdhleathach na speiceas sonrach crann,

— leitheadúlacht na lománaíochta neamhdhleathaí nó na gcleachtas neamhdhleathach i dtír na lománaíochta agus/nó sa réigiún fonáisiúnta inar lománaíodh an t-adhmad, lena n-áirítear aird a thabhairt ar leitheadúlacht coinbhleachta armtha,

— smachtbhannaí arna bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar allmhairí nó onnmhairí adhmaid;

— castacht shlabhra soláthair an adhmaid agus na dtáirgí adhmaid;

(c) seachas i gcás inar riosca diomaibhseach an riosca a shainaithnítear i gcúrsa na nósanna imeachta um measúnú riosca dá dtagraítear i bpointe (b), nósanna imeachta um maolú riosca arb é atá iontu ná sraith beart agus nósanna imeachta atá leordhóthanach agus comhréireach chun íoslaghdú a dhéanamh go héifeachtach ar an riosca sin agus a bhféadfaí ceanglas a áireamh iontu á rá go bhfuil gá le faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise agus/nó go bhfuil gá le fíorú tríú páirtí.

2.  Déanfar na rialacha mionsonraithe is gá chun a áirithiú go ndéanfar mír 1 a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, seachas maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). Glacfar na rialacha sin faoin 3 Meitheamh 2012.

3.  Agus forbairtí sa mhargadh agus an taithí atá faighte le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme á gcur san áireamh, go háirithe na forbairtí agus an taithí a sainaithníodh tríd an malartú faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 13 agus an tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 20(3), féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE maidir le tuilleadh critéar ábhartha um measúnú riosca a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun na critéir sin dá dtagraítear sa dara habairt de phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh d’fhonn éifeachtacht an chórais díchill chuí a áirithiú.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 15, in Airteagal 16 agus in Airteagal 17 maidir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Article 6 1.

The due diligence system referred to in Article 4(2) shall contain the following elements:

(a) 

measures and procedures providing access to the following information concerning the operator’s supply of timber or timber products placed on the market:

— 
description, including the trade name and type of product as well as the common name of tree species and, where applicable, its full scientific name,
— 
country of harvest, and where applicable:
(i) 

sub-national region where the timber was harvested; and

(ii) 

concession of harvest,

— 
quantity (expressed in volume, weight or number of units),
— 
name and address of the supplier to the operator,
— 
name and address of the trader to whom the timber and timber products have been supplied,
— 
documents or other information indicating compliance of those timber and timber products with the applicable legislation;
(b) 

risk assessment procedures enabling the operator to analyse and evaluate the risk of illegally harvested timber or timber products derived from such timber being placed on the market.

Such procedures shall take into account the information set out in point (a) as well as relevant risk assessment criteria, including:

— 
assurance of compliance with applicable legislation, which may include certification or other third-party-verified schemes which cover compliance with applicable legislation,
— 
prevalence of illegal harvesting of specific tree species,
— 
prevalence of illegal harvesting or practices in the country of harvest and/or sub-national region where the timber was harvested, including consideration of the prevalence of armed conflict,
— 
sanctions imposed by the UN Security Council or the Council of the European Union on timber imports or exports,
— 
complexity of the supply chain of timber and timber products.
(c) 

except where the risk identified in course of the risk assessment procedures referred to in point (b) is negligible, risk mitigation procedures which consist of a set of measures and procedures that are adequate and proportionate to minimise effectively that risk and which may include requiring additional information or documents and/or requiring third party verification.

Article 6 2.
Detailed rules necessary to ensure the uniform implementation of paragraph 1, except as regards further relevant risk assessment criteria referred to in the second sentence of paragraph 1(b) of this Article, shall be adopted in accordance with the regulatory procedure referred to in Article 18(2). Those rules shall be adopted by 3 June 2012.
Article 6 3.
Taking into account market developments and the experience gained in the implementation of this Regulation, in particular as identified through the exchange of information referred to in Article 13 and the reporting referred to in Article 20(3), the Commission may adopt delegated acts in accordance with Article 290 TFEU as regards further relevant risk assessment criteria that may be necessary to supplement those referred to in the second sentence of paragraph 1(b) of this Article with a view to ensuring the effectiveness of the due diligence system.

For the delegated acts referred to in this paragraph the procedures set out in Articles 15, 16 and 17 shall apply.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0995
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.