|
+Airteagal 20 Faireachán ar chur chun feidhme na faisnéise agus an rochtain ar fhaisnéis ---+Article 20 1. ---+Article 20 2. ---+Article 20 3. ---+Article 20 4. |
Airteagal 20 Faireachán ar chur chun feidhme na faisnéise agus an rochtain ar fhaisnéisAirteagal 20 Faireachán ar chur chun feidhme na faisnéise agus an rochtain ar fhaisnéis 1. Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal agus don Choimisiún, faoin 30 Aibreán gach bliain ar a dhéanaí, faisnéis ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn na bliana féilire roimhe. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid agus an nós imeachta a bhunú trína gcuirfidh na Ballstáit faisnéis den sórt sin ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2). 2. Bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh seirbhísí an Choimisiúin forléargas ar an Aontas ina iomláine ar fáil go poiblí gach bliain ar bhonn na sonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit. Agus an forléargas á ullmhú, tabharfaidh seirbhísí an Choimisiúin aird ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le tabhairt i gcrích agus oibriú VPAnna FLEGT, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, agus i leith an méid a baineadh amach dá mbarr chun adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin atá ar an margadh inmheánach a íoslaghdú. 3. Faoin 3 Nollaig 2021, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus na taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a athbhreithniú, lena n-áirítear éifeachtacht maidir le cosc a chur ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach nó ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a bheith á gcur ar an margadh. Breithneoidh sé go háirithe na hiarmhairtí riaracháin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do chumhdach táirgí. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an athbhreithnithe, agus cuirfear tograí reachtacha iomchuí leis na tuarascálacha sin más gá. 4. Maidir leis an gcéad cheann de na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, áireofar meastóireacht inti ar staid eacnamaíoch agus trádála reatha an Aontais a mhéid a bhaineann leis na táirgí a liostaítear faoi Chaibidil 49 den Ainmníocht Chomhcheangailte, agus aird ar leith á tabhairt ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha, chun go mbreithneofar an bhféadfaí iad a áireamh sa liosta d’adhmad agus de tháirgí adhmaid atá leagtha amach san Iarscríbhinn atá ag gabháil leis an Rialachán seo. Maidir leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áireofar inti freisin measúnú ar éifeachtacht an toirmisc ar adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus ar tháirgí adhmaid a dhíorthaíonn ó adhmad den sórt sin a chur ar an margadh, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 4(1), chomh maith le héifeachtacht na gcóras díchill chuí atá leagtha amach in Airteagal 6. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|