+IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

Adhmad agus táirgí adhmaid faoi mhar atá siad aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 3 ), a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo

— 4401 Connadh, ina spreotaí, ina smutáin, ina chipíní, ina bhrosna nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad i sliseanna nó i gcáithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní nó millíní nó i bhfoirmeacha dá samhail

— 4403 Adhmad neamhchóirithe, bíodh nó ná bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de, nó cearnaithe go garbh

— 4406 Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad

— 4407 Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntaithe, de thiús is mó ná 6 mm

— 4408 Leatháin le haghaidh athchraicinn (lena n-áirítear na cinn a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmaid lannaithe chomhchosúil agus adhmaid eile, sáfa ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntaithe, de thiús nach mó ná 6 mm

— 4409 Adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-shiúntaithe, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá fhoircinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntaithe

— 4410 Cáithnínchlár, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár den tsamhail sin (clár slisín, mar shampla), as adhmad nó as ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile

— 4411 Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar ligneach eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile

— 4412 Sraithadhmad, painéil a bhfuil athchraiceann curtha orthu agus adhmad lannaithe den chineál céanna

— 4413 00 00 Adhmad dlúthaithe, i mbloic, i bplátaí, i stiallacha nó i gcruthanna próifíle

— 4414 00 Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d’earraí den chineál céanna

— 4415 Cásanna pacála, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm boscaí agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad

— (Nach ábhar pacála a úsáidtear go heisiatach mar ábhar pacála chun tacú le táirge eile a chuirtear ar an margadh nó chun táirge eile a chuirtear ar an margadh a chosaint nó a iompar.)

— 4416 00 00 Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir

— 4418 Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil chóimeáilte urláir, slinnte agus fabhtanna

— Laíon agus páipéar i gCaibidil 47 agus i gCaibidil 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte, cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíoll agus dramh) aisghafa

— 9403 30 , 9403 40 , 9403 50 00 , 9403 60 agus 9403 90 30 Troscán adhmaid

— 9406 00 20 Foirgnimh réamhdhéanta


( 1 ) IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.

( 2 ) IO L 144, 4.6.1997, lch. 19.

( 3 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R0995
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.