|
+Airteagal 4 3. |
Airteagal 4 3.I gcás ina bhfoirceanntar an dlúthchomhar le BCE ag Ballstát nach é an euro a airgeadra i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán 1024/2013, cinnfidh an Bord, laistigh de thrí mhí ó dháta ghlactha an chinnidh chun an dlúthchomhar a fhoirceannadh, i gcomhaontú leis an mBallstát sin faoi na rialacha mionsonraithe maidir le ranníocaíochtaí a bheidh aistrithe ag an mBallstát lena mbaineann chuig an gCiste a aisghabháil agus maidir le haon choinníollacha is infheidhme. Áireofar ar aisghabhálacha an chuid sin den urrrann atá comhfhreagrach leis an mBallstát lena mbaineann nach bhfuil faoi réir frithpháirtiúcháin. Más rud é, le linn na hidirthréimhse, mar a leagtar síos sa Chomhaontú, nach leor aisghabhálacha na coda nach bhfuil frithpháirtithe chun cead a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann bunú a shocraithe náisiúnta airgeadais a chistiú gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, áireofar ar aisghabhálacha freisin iomlán de chuid na hurrainne nó cuid den chuid sin a chomhfhreagraíonn don Bhallstát sin atá faoi réir frithpháirtiúcháin i gcomhréir leis an gComhaontú nó ar shlí eile, tar éis na hidirthréimhse, iomlán na ranníocaíochtaí nó cuid díobh a aistreoidh an Páirtí Conarthach lena mbaineann le linn an dlúthchomhair, i méid ar leor é chun cistiú an tsocraithe náisiúnta airgeadais sin a chumasú. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid acmhainní airgeadais atá le haisghabháil ón gcuid fhrithpháirtithe nó a mhalairt, i ndiaidh na hidirthréimhse, ón gCiste, cuirfear na critéir bhreise seo a leanas i gcuntas:
(a)
an bealach ar tharla gur foirceannadh an dlúthchomhar le BCE, cibé acu a rinneadh é go saorálach i gcomhréir le hAirteagal 7(6) de Rialachán (AE) 1024/2013, nó nach ndearnadh;
(b)
go bhfuil gníomhaíochtaí leanúnacha réitigh ann an dáta a bhfoirceannfar é;
(c)
timthriall eacnamaíoch an Bhallstáit lena mbaineann an foirceannadh. Déanfar aisghabhálacha a dháileadh le linn tréimhse teoranta a bheidh comhréireach le ré an dlúthchomhair. Bainfear ó na haisghabhálacha sin an scair atá ag an mBallstát ábhartha den mhodh airgeadais ón gCiste a úsáidtear do ghníomhaíochtaí réitigh le linn thréimhse an dlúthchomhair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|