+Airteagal 5 2.
|
Airteagal 5 2.
Déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, na húdaráis réitigh náisiúnta, cinntí atá faoi réir dhlí ábhartha an Aontais agus i gcomhréir leis agus go háirithe aon ghníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha, lena n-áirítear iad sin dá dtagraítear in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 CFAE. Beidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis náisiúnta réitigh faoi réir caighdeáin theicniúla cheangailteacha rialála agus chur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE agus arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus faoi réir aon treoirlínte agus moltaí arna n-eisiúint ag ÚBE faoi Airteagal 16 den Rialachán sin. Déanfaidh siad gach iarracht chun cloí le haon treoirlínte agus moltaí ón ÚBE a bhaineann le cúraimí de chineál a bheidh le comhlíonadh ag na comhlachtaí sin. I gcás nach gcomhlíonfaidh siad nó nach mbeidh sé i gceist acu na treoirlínte nó na moltaí sin a chomhlíonadh, cuirfear ÚBE ar an eolas faoi sin i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Rialachán sin. Comhoibreoidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún le ÚBE i gcur chun feidhme Airteagal 25 agus Airteagal 30 den Rialachán sin. Beidh an Bord faoi réir aon chinntí ón ÚBE freisin i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 i gcás ina bhforálfar le Treoir 2014/59/AE do chinntí den sórt sin.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|