|
+Airteagal 7 4. |
Airteagal 7 4.Nuair is gá, chun ardchaighdeáin réitigh a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach faoin Rialachán seo, féadfaidh an Bord:
(a)
tar éis d'údarás réitigh náisiúnta fógra a thabhairt maidir le beart faoi mhír 3 den Airteagal seo de bhun Airteagal 31(1) laistigh den fhráma ama cuí ag féachaint do phráinn na n-imthosca, rabhadh a thabhairt don údarás imréitigh náisiúnta ábhartha i gcás ina measfaidh an Bord nach gcomhlíonann an dréachtchinneadh maidir le haon eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo an Rialachán seo nó a threoracha ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 31(1)(a);
(b)
a chinneadh tráth ar bith, go háirithe mura mbeifear á dhíriú go hiomchuí ar an rabhadh dá dtagraítear i bpointe (a), ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta lena mbaineann nó arna iarraidh sin don údarás réitigh náisiúnta lena mbaineann, na cumhachtaí ábhartha go léir faoin Rialachán seo, agus freisin maidir le haon eintiteas nó grúpa dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, a fheidhmiú go díreach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|