|
+Airteagal 10 4. |
Airteagal 10 4.Measfar go bhfuil grúpa inréitithe i gcás ina mbeidh sé indéanta agus inchreidte go ndéanfadh an Bord grúpeintitis a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó iad a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm, agus trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú, i dtaca le heintitis réitigh an ghrúpa sin, agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairtí díobhálacha suntasacha a sheachaint i gcórais airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil eintitis ar cuid de ghrúpa iad lonnaithe, nó i mBallstáit eile nó san Aontas, lena n-áirítear i gcúinsí lena mbaineann éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais ar fud an mhargaidh, d'fhonn a áirithiú go leanfar de na feidhmeanna criticiúla a dhéanann na grúpeintitis sin, i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil, nó ar bhealach eile. Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE go tráthúil i gcás ina measfaidh an Bord nach mbeidh grúpa inréitithe. I gcás ina mbeidh níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa, déanfaidh an Bord measúnú ar inréititheacht gach grúpa réitigh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Déanfar an measúnú dá dtagraítear sa tríú fomhír sa bhreis ar an measúnú ar inréiteacht an ghrúpa ina iomláine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|