+Airteagal 10 Measúnú ar inréiteacht
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
---+Airteagal 10 9.
---+Article 10 10.
---+Airteagal 10 11.
---+Airteagal 10 12.
---+Airteagal 10 13.

Airteagal 10 Measúnú ar inréiteacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 10 1.

Agus an Bord ag dréachtú agus ag nuashonrú pleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 8, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, agus údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí suntasacha lonnaithe, a mhéid atá sé ábhartha don bhrainse suntasach, déanfaidh an Bord measúnú ar a mhéid is féidir institiúidí agus grúpaí a réiteach gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a bheith ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 67;

(b) 

aon chúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de; nó

(c) 

aon chúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi chomhthaobhacht neamhchaighdeánach, faoi aibíocht neamhchaighdeánach agus faoi théarmaí ráta úis neamhchaighdeánach.

Airteagal 10 2.
Soláthróidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha plean téarnaimh nó plean téarnaimh ghrúpa don Bhord. Scrúdóidh an Bord an plean téarnaimh d'fhonn go sainaithneofaí aon ghníomhaíochtaí sa phlean téarnaimh a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar inréiteacht na hinstitiúide nó an ghrúpa agus moltaí a dhéanamh chuig BCE nó chuig an údarás inniúil náisiúnta maidir leis na hábhair sin.
Airteagal 10 3.
Agus plean réitigh á dhréachtú aige, déanfaidh an Bord measúnú ar a mhéid is féidir eintiteas den sórt sin a réiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfar gur féidir eintiteas a réiteach má tá sé indéanta agus inchreidte ag an mBord é a leachtú faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm maidir leis, agus seachaint á déanamh a mhéid is mó is féidir aon iarmhairtí díobhálacha suntasacha a bheith ann do córais airgeadais, lena n-áirítear imthosca ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas lonnaithe, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann agus d'fhonn a áirithiú go leanfar d'fheidhmeanna criticiúla a dhéanann an t-eintiteas.

Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE ar bhealach tráthúil i gcás ina measfar nach mbeidh institiúid inréitithe.

Airteagal 10 4.
Measfar go bhfuil grúpa inréitithe i gcás ina mbeidh sé indéanta agus inchreidte go ndéanfadh an Bord grúpeintitis a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó iad a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm, agus trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú, i dtaca le heintitis réitigh an ghrúpa sin, agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairtí díobhálacha suntasacha a sheachaint i gcórais airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil eintitis ar cuid de ghrúpa iad lonnaithe, nó i mBallstáit eile nó san Aontas, lena n-áirítear i gcúinsí lena mbaineann éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais ar fud an mhargaidh, d'fhonn a áirithiú go leanfar de na feidhmeanna criticiúla a dhéanann na grúpeintitis sin, i gcás inar féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil, nó ar bhealach eile.

Tabharfaidh an Bord fógra do ÚBE go tráthúil i gcás ina measfaidh an Bord nach mbeidh grúpa inréitithe.

I gcás ina mbeidh níos mó ná grúpa réitigh amháin i ngrúpa, déanfaidh an Bord measúnú ar inréititheacht gach grúpa réitigh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Déanfar an measúnú dá dtagraítear sa tríú fomhír sa bhreis ar an measúnú ar inréiteacht an ghrúpa ina iomláine.

Airteagal 10 5.
Chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 10, tagraíonn iarmhairtí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais nó bagairt ar chobhsaíocht airgeadais do staid ina bhfuil an córas airgeadais nochtaithe iarbhír nó go hionchasach do shuaitheadh a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le hanacair airgeadais ar dóchúil go ndéanfaidh sé dea-fheidhmiú ordúil, éifeachtúlacht agus sláine an mhargaidh inmheánaigh nó geilleagar nó córas airgeadais na Ballstáit amháin nó níos mó a chur i mbaol. Agus na hiarmhairtí díobhálacha suntasacha á gcinneadh aige, cuirfidh an Bord i gcuntas rabhaidh agus moltaí ábhartha an BERS agus na critéir ábhartha a bheidh forbartha ag ÚBE agus sainaithint agus tomhas an riosca shistéamaigh á mbreithniú aige.
Airteagal 10 6.
Chun críche an mheasúnaithe dá dtagraítear san Airteagal seo, scrúdóidh an Bord na nithe a shonraítear i Roinn C den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2014/59/AE.
Airteagal 10 7.
Más rud é, de bhun measúnú ar inréiteacht eintitis nó grúpa arna dhéanamh i gcomhréir le mír 3 nó le mír 4, go gcinnfidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, go bhfuil baic shubstainteacha ann ar inréiteacht an eintitis nó an ghrúpa sin, ullmhóidh an Bord tuarascáil, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, agus díreoidh sé í ar an eintiteas nó máthairghnóthas atá i mbun anailís ar na baic shubstainteacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach uirlisí réitigh agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh. Breithneofar sa tuarascáil sin freisin an tionchar ar shamhail ghnó an eintitis nó an ghrúpa agus molfar inti aon bhearta comhréireacha agus spriocdhírithe is gá nó is iomchuí, i dtuairim an Bhoird, chun na baic sin a bhaint i gcomhréir le mír 10.
Airteagal 10 8.
Tabharfar fógra faoin tuarascáil freisin do na húdaráis inniúla agus d'údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach ina bhfuil brainsí tábhachtacha de na hinstitiúidí nach cuid den ghrúpa iad lonnaithe Ag gabháil leis an tuarascáil sin beidh cúiseanna leis an measúnú nó cinneadh lena mbaineann agus léireofar conas a chomhlíonann an measúnú nó an cinneadh sin an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos in Airteagal 6.
Airteagal 10 9.
Laistigh de cheithre mhí tar éis an tuarascáil a fháil, molfaidh an t-eintiteas nó an máthairghnóthas bearta féideartha don Bhord chun dul i ngleic leis na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó iad a bhaint. Cuirfidh an Bord aon bheart a mholann an t-eintiteas nó máthairghnóthas in iúl do na húdaráis inniúla do ÚBE agus, i gcás inar lonnaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha atá brainsí suntasacha de chuid institiúidí nach cuid de ghrúpa iad, d'údaráis na mBallstát sin.

Faoi cheann dhá sheachtain ón dáta a bhfaighfear fógra arna thabhairt i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, molfaidh an t-eintiteas bearta féideartha agus amlíne maidir lena gcur chun feidhme don Bhord, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-eintiteas nó an máthairghnóthas Airteagal 12f nó 12g, agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte, i gcás ina n-eascraíonn bac substainteach ar inréititheacht mar thoradh ar cheachtar de na cásanna seo a leanas:

(i) 

comhlíonann an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é anuas ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 141a(1) de Threoir 2013/36/AE, ach ní chomhlíonann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é anuas ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12d agus 12e den Rialachán seo, arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 12a(2) den Rialachán seo; nó

(ii) 

ní chomhlíonann an t-eintiteas na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92a agus Airteagal 494 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12d agus 12e den Rialachán seo.

Agus an amlíne faoina gcuirfear chun feidhme na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír á moladh aici cuirfidh an t-eintiteasi na cúiseanna atá leis an mbacainn shubstainteach san áireamh. Measfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, an dtabharfar aghaidh, leis na bearta sin, ar an mbacainn shubstainteach lena mbaineann ar bhealach éifeachtach nó an gcuirfear deireadh leis an mbacainn sin.

Article 10 10.
Where the Board finds that the measures proposed by the entity or the parent undertaking concerned do not effectively reduce or remove the substantive impediments to resolvability, the Board, after having consulted the competent authorities and, where appropriate, the designated macro-prudential authority, shall take a decision. That decision shall indicate that the Board has assessed that the measures proposed do not effectively reduce or remove the substantive impediments to resolvability and shall instruct the national resolution authorities to require the entity, the parent undertaking, or any subsidiary of the group concerned to take any of the measures listed in paragraph 11.

In identifying alternative measures, the Board shall demonstrate how the measures proposed by the entity or the parent undertaking concerned would not be able to remove the substantive impediments to resolvability and how the alternative measures proposed are proportionate in removing them. The Board shall take into account the threat to financial stability of those impediments to resolvability and the effect of the measures on the business of the entity or the parent undertaking concerned, its stability and its ability to contribute to the economy, on the internal market for financial services and on the financial stability in other Member States and the Union as a whole.

The Board shall also take into account the need to avoid any impact on the entity or the group concerned which would go beyond what is necessary to remove the impediment to resolvability or which would be disproportionate.

Airteagal 10 11.

Chun críche mhír 10, tabharfaidh an Bord, i gcás inarb infheidhme, treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

a cheangal ar an eintiteas athbhreithniú a dhéanamh ar aon chomhaontuithe airgeadais inghrúpa nó athbhreithniú ar iad sin a bheith in easnamh, nó comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas (laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe) chun soláthar feidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b) 

a cheangal ar an eintiteas a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c) 

ceanglais faisnéise shonracha nó rialta bhreise atá ábhartha chun críocha réitigh;

(d) 

a cheangal ar an eintiteas sócmhainní sonracha a dhífheistiú;

(e) 

a cheangal ar an eintiteas gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(f) 

forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana a shrianadh nó a chosc;

(g) 

athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an eintitis nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun castacht a laghdú lena áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(h) 

a cheangal ar eintiteas máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais a bhunú;

(i) 

a cheangal ar eintiteas dliteanais inghlactha a eisiúint chun ceanglais ►M1  Airteagal 12f agus Airteagal 12g ◄ a chomhlíonadh;

(j) 

a cheangal ar eintiteas céimeanna eile a thabhairt chun na ceanglais dá dtagraítear in ►M1  Airteagal 12f agus Airteagal 12g ◄ a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, iarracht a dhéanamh aon dliteanas incháilithe, ionstraim Bhreise Leibhéal 1 nó ionstraim Leibhéal 2 atá eisithe aige a chaibidliú an athuair, d'fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh ar bith ón mBord an dliteanas nó an ionstraim sin a dhíluacháil nó a chomhshó faoi dhlí na dlínse a rialaíonn an dliteanas nó an ionstraim sin;

▼M1

(k) 

a cheangal ar eintiteas plean a thíolacadh chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 12f agus Airteagal 12g den Rialachán seo a athbhunú, arna sloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta (dá ngairtear freisin risíocht i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013) ar riosca a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gceanglas maoláin chomhcheangailte agus leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 12f nó 12g den Rialachán seo arna sloinneadh mar chéatadán de thomhas na neamhchosanta iomláine dá dtagraítear in Airteagal 429 agus Airteagal 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(l) 

chun a áirithiú go leanfar d'Airteagal 12f nó 12g a chomhlíonadh, a cheangal ar eintiteas an próifíl aibíochta atá acu seo a leanas a athrú:

(i) 

ionstraimí cistí dílse, tar éis comhaontú na n-údarás inniúil a fháil, lena n-áirítear BCE, agus

(ii) 

dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 12c agus i bpointe (a) d'Airteagal 12g(2).

▼B

I gcás inarb infheidhme, glacfaidh na húdarás réitigh náisiúnta go díreach na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (j) den chéad fhomhír.

Airteagal 10 12.
Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29.
Airteagal 10 13.

Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas le cinneadh arna dhéanamh de bhun mhír 10 agus mhír 11:

(a) 

tacófar é le cúiseanna leis an measúnú nó leis an gcinneadh a bheidh i gceist;

(b) 

léireofar ann conas a chomhlíonann an measúnú nó an cinneadh sin an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach a leagtar síos i mír 10.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.