|
+Airteagal 10a 3. |
Airteagal 10a 3.Má mheasann an Bord go bhfuil an t-eintiteas fós sa chás dá dtagraítear i mír 1 naoi mí tar éis fógra faoi chás mar sin a fháil ón eintiteas, déanfaidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, i gcás inarb infheidhme, an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin má mheasann an Bord, tar éis an mheasúnaithe, go gcomhlíontar dhá cheann de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a)
tarlaíonn an mhainneachtain mar gheall ar shuaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú na margaí airgeadais, as a eascraíonn strus forleathan sa mhargadh airgeadais i roinnt deighleoga sna margaí airgeadais;
(b)
ní hamháin go mbeidh luaineacht mhéadaithe i bpraghas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe an eintitis nó costais bhreise ar an eintiteas mar thoradh ar an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (a), ach go ndúnfar na margaí go hiomlán nó go páirteach freisin mar thoradh ar an luaineacht sin, rud a chuireann cosc ar an eintiteas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint ar na margaí sin;
(c)
feictear dúnadh na margaí dá dtagraítear i bpointe (b) ní hamháin i gcás an eintitis lena mbaineann ach i gcás roinnt eintitis eile freisin;
(d)
leis an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (a) coisctear an t-eintiteas lena mbaineann ó ccistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint atá leordhóthanach chun an mhainneachtain a leigheas; nó
(e)
eascraíonn éifeachtaí iarmharta diúltacha as feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 do chuid den earnáil baincéireachta, rud a d'fhéadfadh an bonn a bhaint den chobhsaíocht airgeadais. I gcás ina mbeidh feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an Bord fógra do na húdarás inniúla, lena n-áirítear BCE, i gcás inarb infheidhme, maidir lena chinneadh agus míneoidh sé a mheasúnú i scríbhinn. Gach mí, déanfaidh an Bord a mheasúnú an athuair ar cibé an bhfuil feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|