+Airteagal 10a An chumhacht roinnt dáiltí a thoirmeasc
---+Airteagal 10a 1.
---+Airteagal 10a 2.
---+Airteagal 10a 3.
---+Airteagal 10a 4.
---+Airteagal 10a 5.
---+Airteagal 10a 6.
|
Airteagal 10a An chumhacht roinnt dáiltí a thoirmeasc
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10a 1.
|
►M6
I gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh ag eintiteas agus an ceanglas sin á bhreithniú sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2013/36/AE, ach nach ndéanann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a bhreithniú sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12a(2), pointe (a), den Rialachán seo, beidh de chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, ordú a thabhairt don údarás réitigh náisiúnta toirmeasc a chur ar eintiteas, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe (“M-MDA”), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a leanas: ◄
(a)
dáileachán a dhéanamh i ndáil le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1;
(b)
oibleagáid a chruthú chun luach saothair inathraitheach nó sochair phinsin lánroghnacha a íoc, nó luach saothair inathraitheach a íoc más rud é gur cruthaíodh an oibleagáid chun íoc tráth ar mhainnigh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh; nó
(c)
íocaíochtaí a dhéanamh ar ionstraimí Breise Leibhéal 1.
I gcás ina mbeidh eintiteas sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás réitigh náisiúnta agus don Bhord maidir leis an mainneachtain sin.
|
|
Airteagal 10a 2.
|
Sa chás dá dtagraítear i mír 1, measúnóidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE i gcás inarb infheidhme, gan mhoill neamhriachtanach, cibé acu a dhéanfaidh sé nó nach ndéanfaidh sé an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú, agus na gnéithe seo a leanas uile á gcur san áireamh:
(a)
cúis, fad agus méid na mainneachtana agus an tionchar atá aici ar inréititheacht;
(b)
an fhorbairt ar staid airgeadais an eintitis agus an chosúlacht go ndéanfaidh sé, sa todhchaí intuartha, an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18(1) a chomhlíonadh;
(c)
an t-ionchas go mbeidh an t-eintiteas in ann a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 laistigh de thréimhse ama réasúnta;
(d)
i gcás nach mbeidh an t-eintiteas ábalta dliteanais a chur in ionad dliteanais nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta ná aibíochta a leagtar síos in Airteagail 72b agus 72c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 12c nó Airteagal 12g(2) den Rialachán seo a thuilleadh, más rud é go bhfuil an neamhábaltacht sin neamhghnách nó gur tharla sé mar thoradh ar shuaitheadh ar fud an mhargaidh;
(e)
arb é feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 an modh is leordhóthanaí agus is comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar chás an eintitis, ag cur san áireamh, go háirithe, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith aige ar choinníollacha maoinithe agus ar inréititheacht an eintitis lena mbaineann.
Déanfaidh an Bord a mheasúnú an athuair faoin gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú nó gan í a fheidhmiú gach mí ar a laghad le linn na mainneachtana a fhad is a leanfaidh an t-eintiteas de bheith sa chás dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 10a 3.
|
Má mheasann an Bord go bhfuil an t-eintiteas fós sa chás dá dtagraítear i mír 1 naoi mí tar éis fógra faoi chás mar sin a fháil ón eintiteas, déanfaidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, i gcás inarb infheidhme, an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin má mheasann an Bord, tar éis an mheasúnaithe, go gcomhlíontar dhá cheann de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a)
tarlaíonn an mhainneachtain mar gheall ar shuaitheadh tromchúiseach i bhfeidhmiú na margaí airgeadais, as a eascraíonn strus forleathan sa mhargadh airgeadais i roinnt deighleoga sna margaí airgeadais;
(b)
ní hamháin go mbeidh luaineacht mhéadaithe i bpraghas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe an eintitis nó costais bhreise ar an eintiteas mar thoradh ar an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (a), ach go ndúnfar na margaí go hiomlán nó go páirteach freisin mar thoradh ar an luaineacht sin, rud a chuireann cosc ar an eintiteas ionstraimí cistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint ar na margaí sin;
(c)
feictear dúnadh na margaí dá dtagraítear i bpointe (b) ní hamháin i gcás an eintitis lena mbaineann ach i gcás roinnt eintitis eile freisin;
(d)
leis an suaitheadh dá dtagraítear i bpointe (a) coisctear an t-eintiteas lena mbaineann ó ccistí dílse agus ionstraimí dliteanas incháilithe a eisiúint atá leordhóthanach chun an mhainneachtain a leigheas; nó
(e)
eascraíonn éifeachtaí iarmharta diúltacha as feidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 1 do chuid den earnáil baincéireachta, rud a d'fhéadfadh an bonn a bhaint den chobhsaíocht airgeadais.
I gcás ina mbeidh feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tabharfaidh an Bord fógra do na húdarás inniúla, lena n-áirítear BCE, i gcás inarb infheidhme, maidir lena chinneadh agus míneoidh sé a mheasúnú i scríbhinn. Gach mí, déanfaidh an Bord a mheasúnú an athuair ar cibé an bhfuil feidhm ag an eisceacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 10a 4.
|
Ríomhfar M-MDA tríd an tsuim a ríomhfar i gcomhréir le mír 5 a iolrú faoin bhfachtóir a chinnfear i gcomhréir le mír 6. Laghdófar M-MDA le haon mhéid is toradh d'aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 1.
|
|
Airteagal 10a 5.
|
Beidh sa tsuim atá le hiolrú i gcomhréir le mír 4 na nithe seo a leanas:
(a)
aon bhrabúis eatramhacha nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, glan ó aon dáileachán brabús nó aon íocaíocht is toradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo;
móide
(b)
aon bhrabúis cinn bliana nach n-áirítear ar chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, glan ó aon dáileachán brabús nó aon íocaíocht is toradh iad do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo;
lúide
(c)
méideanna a bheadh le híoc trí cháin dá mbeadh na hítimí a shonraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo le coimeád.
|
|
Airteagal 10a 6.
|
Is mar a leanas a dhéanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh:
(a)
i gcás gur laistigh den chéad cheathairíl (sin an cheathairíl is ísle) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;
(b)
i gcás gur laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Airteagal 12d agus Airteagal 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,2 an fachtóir a bheidh ann;
(c)
i gcás gur laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;
(d)
i gcás gur laistigh den cheathrú ceathairíl (i.e. an cheathairíl is airde) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann;
Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas: i gcás ina léiríonn “Qn
” orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|