+Airteagal 10a 6.

Airteagal 10a 6.

Is mar a leanas a dhéanfar an fachtóir dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh:

(a) 

i gcás gur laistigh den chéad cheathairíl (sin an cheathairíl is ísle) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0 an fachtóir a bheidh ann;

(b) 

i gcás gur laistigh den dara ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus faoi Airteagal 12d agus Airteagal 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,2 an fachtóir a bheidh ann;

(c) 

i gcás gur laistigh den tríú ceathairíl den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,4 an fachtóir a bheidh ann;

(d) 

i gcás gur laistigh den cheathrú ceathairíl (i.e. an cheathairíl is airde) den cheanglas maoláin chomhcheangailte atá an caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choinníonn an t-eintiteas agus nach n-úsáidtear chun aon cheann de na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar amach in Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, arna shloinneadh mar chéatadán de mhéid iomlán na neamhchosanta ar riosca arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é 0,6 an fachtóir a bheidh ann;

Déanfar cuimsí íochtair agus uachtair gach ceathairíle den cheanglas maoláin chomhcheangailte a ríomh mar a leanas:

image

image

i gcás ina léiríonn “Qn ” orduimhir na ceathairíle lena mbaineann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.