+Airteagal 12c 2.

Airteagal 12c 2.

I dtaca le dliteanais a eascraíonn as ionstraimí fiachais ina bhfuil comhpháirt dhíorthach leabaithe, amhail nótaí struchtúrtha, a chomhlíonann na coinníollacha atá sa chéad fhomhír de mhír 1, cé is moite de phointe (l) d'Airteagal 72a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ní áireofar iad i suim na gcistí dílse agus dliteanais incháilithe ach i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is eol roimh ré príomhshuim na ndliteanas a eascraíonn as an ionstraim fiachais an tráth a eisítear í, tá sí socraithe, nó ag méadú, agus níl aon bheann uirthi ag gné díorthach leabaithe, agus is féidir méid an dliteanais a eascraíonn as an ionstraim fiachais, lena n-áirítear an díorthach leabaithe, a luacháil ar bhonn laethúil i leith margadh dhá threo gníomhach agus leachtach d'ionstraim choibhéiseach gan riosca creidmheasa, i gcomhréir le hAirteagail 104 agus 105 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; nó

(b) 

áirítear mar chuid den ionstraim fiachais téarma conarthach ina sonraítear, i gcásanna dócmhainneachta an eisitheora agus i gcásanna réitigh an eisitheora, go bhfuil luach an éilimh socraithe nó ag méadú, agus nach dtéann sé níos airde ná an tsuim tosaigh a íocadh i leith an dliteanais.

I dtaca le hionstraimí fiachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear a gcuid díorthach leabaithe, ní bheidh siad faoi réir aon chomhaontú glanluachála agus ní bheidh luacháil ionstraimí den sórt sin faoi réir Airteagal 49(3) de Threoir 2014/59/AE.

Ní chuimseofar na dliteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír i méid na gcistí dílse agus na ndliteanas incháilithe ach i gcás na coda a chomhfhreagróidh don phríomhshuim dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin nó don tsuim shocraithe nó mhéadaitheach dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0806
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.